Deir Príomhoifigeach Dóiteáin Chontae na Gaillimhe go mbeadh an fhoireann a throid an tine in óstán Ross Lake House i Ros Cathail oíche Dé Sathairn, in ann dul i mbun a gcuid oibre níos tapa mura mbeadh coimeádán sa mbealach.
Chuir grúpa de mhuintir na h-áite coimeádán tionsclaíoch i mbéal an bhóithrín suas chuig an iar-óstán Dé hAoine nuair a tháinig an scéal go rabhthas leis an teach a úsáid mar lóistín do 70 Iarrthóir ar Chosaint Idirnáisiúnta.
Dúirt Gerry O'Malley le Nuacht "mar thoradh ar an áit ar cuireadh an coimeádán ní raibh muid in ann ár n-innill dóiteáin a thabhairt suas go dtí an t-óstán."
Dúirt an Príomhoifigeach áfach, nach raibh sé "ag tabhairt le fios ar chor ar bith gur iarracht d’aon ghnó a bhí ann stop a chur leis na foirne dóiteáin dul fhad leis an tine.
"Ní fhéadfaimis an t-inneall dóiteáin a thabhairt ní ba ghaire ná 400 méadar den óstán agus mar sin d’fheistigh muid an caidéal so-iompartha agus thóg muid uisce ón abhainn in aice láimhe agus d’iompair muid timpeall 300 méadar suas go dtí an t-óstán é chun an tine a throid."
Mhínigh sé go raibh siad in ann jíp a fháil thart leis an gcoimeádán mar go raibh an jíp beag go leor ach nach bhféadfadh siad an t-inneall dóiteáin a chur tríd an oscailt cúng.
D’úsáid siad an jíp chun trealamh agus daoine a thabhairt chuig suas an lána chuig an óstán.
Dúirt sé go mbeadh na foirne in ann an tine a throid níos luaithe mura mbeadh an coimeádán sa bhealach.
"Bheadh an chéad inneall dóiteáin tar éis dul díreach go dtí an t-óstán agus tús curtha leis an obair agus ní bheadh orainn am a chaitheamh ag feistiú na gcaidéil síos go dtí an abhainn agus ag leagan 250 méadar píobáin, rud a bhfuil cuid mhaith ama i gceist leis," a dúirt sé.
"Is dócha go bhfuil sé cruinn a rá gur chuir sé moill orainn an tine a throid."