skip to main content

Heaton-Harris: "tairiscint déanta, is faoi na páirtithe anois é"

Stát-Rúnaí an Tuaiscirt, Chris Heaton-Harris, in Stormont inniu
Stát-Rúnaí an Tuaiscirt, Chris Heaton-Harris, in Stormont inniu

Dúirt Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Chris Heaton-Harris gur pacáiste cúnaimh breis agus £3.3 billiún an tairiscint dheireanach atá ar fáil ó Rialtas na Breataine mar chúiteamh ar fhorais Stormont a bhunú arís.

I ndiaidh comhchainteanna a bhí aige le príomhpháirtithe polaitíochta an Tuaiscirt inniu, dúirt Chris Heaton-Harris go raibh deireadh anois leis an idirbheartaíocht.

Cé gur fhógair an DUP inné nach mbeidís ag filleadh ar Stormont go dtí go mbeadh an t-aighneas faoi Phrótacal an Tuaiscirt agus faoi Chreat Windsor réitithe, thug an Stát-Rúnaí le fios inniu go raibh deireadh leis an phlé ar na ceisteanna sin, go raibh an pacáiste cúnaimh curtha ar an tábla aige agus nach mbeadh aon cheann eile ann.

"Is faoi na páirtithe anois é le cinneadh a dhéanamh," arsa sé.

Ina ainneoin sin, áfach, dúirt ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson nach raibh bonn ceart airgeadais aontaithe agus nach raibh comhaontú ar bith déanta ag a pháirtí siúd le Rialtas na Breataine faoi Chreat Windsor.

Dar leis fosta nár cuireadh in iul don DUP go raibh na cainteanna thart.

Tá an DUP ag déanamh baghcat ar Stormont le beagnach dhá bhliain mar agóid in éadan Phrótacal an Tuaiscirt.

Tá fiacha £560 milliún ar fhorais Stormont ach tá seo le díscríobh má bhunaítear an feidhmeannas arís agus má chuireann comhrialtas nua plean ceart airgid i dtoll a chéile.

Caithfear £548 milliún den airgead iomlán atá á thairiscint ag Westminster ar an aighneas pá sa tseirbhís phoiblí a réiteach agus tá £34 milliún eile le caitheamh go práinneach ar an earnáil sláinte.

Mhaígh Sinn Féin go mbeadh ar Rialtas na Breataine idirghabháil a dhéanamh sa chás nach nglacfadh an DUP leis an phacáiste.

Chuir ceannaire Pháirtí na Comhghuaillíochta Naomi Long fáilte roimh an tairiscint á rá go raibh sé i bhfad níb fearr ná a raibh á thairiscint an tseachtain seo caite.

Dúirt ceannaire Pháirtí Aontachtach Uladh Doug Beattie nach mbeadh margadh níb fhearr le fáil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ