De réir figiuirí nua atá eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, tugadh le fios i nDaonáireamh 2022 go raibh 'Gaeilge an-mhaith' ag 195,029 duine, sin 10% de chainteoirí Gaeilge.
Dúirt 593,898 duine go raibh 'Gaeilge mhaith' acu, sin 32% de chainteoirí Gaeilge.
Ina cheann sin, dúirt 1,034,132 duine nach 'Gaeilge mhaith' a bhí acu, sin 55% de chainteoirí Gaeilge.
Thug beagnach 1.9 milliún duine le fios i nDaonáireamh 2022 go raibh Gaeilge acu, sin méadú 112,500 duine (6%) ó Dhaonáireamh 2016.
Lean sciar na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht ag laghdú, áfach, ó 69% in 2011 go dtí 66% in 2022, a dúradh.
Is iad na hAstrálaigh thar aon eachtrannaigh eile in Éirinn is mó a bhfuil Gaeilge acu – go céatadánach ar aon chuma – de réir na bhfigiuirí nua.
Tá Gaeilge ag 15% de shaoránaigh na hAstráile atá ina gcónaí sa Stát, sin 501 duine.
Ina ndiaidh sin, tá Gaeilge ag 13% de Pholannaigh agus ag 13% de Laitviaigh, sin 10,838 duine agus 2,114 duine faoi seach.
6,685 líon tí a chomhlánaigh an leagan Gaeilge d'fhoirm an daonáirimh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ