Roinnt de na scéalta faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht atá le léamh i gcomhaid an stáit......
Litir bhinbeach ó Ken Maginnis i leith cáilíocht Ghaeilge
Scríobh an Feisire Parlaiminte d'Fhear Manach/ Tír Eoghain Theas litir chrosta bhinbeach chuig an Aire Gnóthaí Eachtracha, David Andrews, le linn na gcainteanna as ar eascair Comhaontú Aoine an Chéasta. Scríobh ionadaí na dtuismitheoirí ó Scoil Naomh Caitríona, Béal Átha Seanaidh, chuig Maginnis ag gearán go raibh ar mhúinteoir nua-cheaptha sa scoil Gaeilge a fhoghlaim taobh istigh de dhá bhliain chun a phost a choinneáil. D'fhostaigh an scoil Michael Morgan as Béal Feirste, agus a bhí ina chónaí trasna na teorann i mBéal Leice, Co. Fhear Manach. Bhí sé ag teagasc rang speisialta agus bhí meas mór ag na daltaí agus ag na tuismitheoirí air, a dúradh. Bhí sé ar leath-thuarastal agus mheas sé nach raibh sé indéanta cáilíocht Ghaeilge a bhaint amach in achar ama chomh gairid sin mar nár fhoghlaim sé an teanga riamh cheana. Bhí sé ag bagairt éirí as a phost. Dúirt ionadaí na dtuismitheoirí gur sampla é seo de bhealach ina bhféadfaí an caidreamh thuaidh-theas a fheabhsú.
Scríobh Maginnis chuig an Aire Gnóthaí Eachtracha, David Andrews, i dtaca le cás Uí Mhuireagáin. Dúirt an Feisire Parlaiminte go raibh leithcheal á dhéanamh ar an mhúinteoir siocair go raibh air Gaeilge a fhoghlaim cé nach raibh aon bhaint ag an teanga leis na hábhair a bhí á dteagasc aige. "I am sure that the impression of 'narrow nationalism' which this creates is not one that the Irish Government would wish to promote," a scríobh Maginnis. "Having noted the terrorist who shot my constituent Eric Glass has been released surprisingly early from his prison sentence I have no doubt that the Irish Government will be able to take an equally liberal view of Mr Morgan's circumstances."
Thug an tAire Andrews freagra stuama ar litir shearbhasach Maginnis an 16 Feabhra 1998. Chuir sé in iúl dó go raibh cinneadh déanta ag an Aire Oideachais, Micheál Martin, nach mbeadh ar mhúinteoirí i scoileanna speisialta nó i ranganna speisialta a fuair a gcuid oiliúna taobh amuigh den Stát, an Ghaeilge a fhoghlaim feasta.
Sárú ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus TnaG
Chuir Ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams, i leith rialtas na hÉireann agus rialtas na Breataine go rabhthas ag sárú Chomhaontú Aoine an Chéasta mar nach raibh TG4 ar fáil go fóill in áiteanna sa Tuaisceart. Bhí sé ráite sa Chomhaontú go raibh sé de dhualgas ar na húdaráis chraolacháin sa dá thír céimeanna a ghlacadh chun a chinntiú go mbeadh an stáisiún teilifíse Gaeilge ar fáil go forleathan sa Tuaisceart. Léiríonn comhaid rúnda an Stáit, atá ar fáil anois sa Chartlann Náisiúnta, gur scríobh an Feisire Parlaiminte Adams chuig an Taoiseach, Bertie Ahern agus chuig Státrúnaí an Tuaiscirt, Peter Mandelson, an 27 Deireadh Fómhair 2000, faoi nach rabhthas ag comhlíonadh an ghealltanais sin:
"In particular I am concerned with the obligation in the Good Friday Agreement to 'explore urgently with the relevant British authorities and in co-operation with the Irish broadcasting authorities, the scope for achieving more widespread availability of Teilifís na Gaeilge in Northern Ireland.' Further to this obligation the declaration of 5th May stated, 'Technical discussions on the steps to extend TG4 will continue.'"
Cé gur ghlac Adams leis go raibh dul chun cinn áirithe déanta ar an gceist, bhí droch-chomhartha ceart i mBéal Feirste agus i gcoda eile de Thuaisceart Éireann. "As you are aware the movement on this issue has been painfully slow," a dúirt Adams.
Ina fhreagra siúd ar an ghearán, dúirt an Taoiseach, Bertie Ahern, go raibh cumhacht bhreise tugtha don tarchuradóir i gCarn Tuama, Co. an Lú rud a chur ar chumas 70% de phobal an Tuaiscirt teacht ar TG4. Bhí sé dóchasach fosta go mbeadh clúdach iomlán sa Tuaisceart nuair a bheadh seirbhísí craoltóireachta digiteacha tagtha i bhfeidhm.
Dúirt Státrúnaí an Tuaiscirt, Peter Mandelson, do Gerry Adams go raibh rialtas na Breataine fós tiomanta go mbeadh teacht ag pobal an Tuaiscirt ar sheirbhísí teilifíse Gaeilge a fhad is nár chuir sé sin isteach ar chomhartha seirbhísí na Ríochta Aontaithe. Dúirt sé gur chéim shuntasach chun cinn ab ea an chumhacht bhreise a tugadh do tharchuradóir Charn Tuama. Luaigh sé fosta an dul chun cinn a bhí déanta i leith seirbhísí digiteacha agus go raibh socrú déanta ag RTÉ leis an chomhlacht cábla NTL go mbeadh RTÉ a hAon agus a Dó á n-iompar acu ar a ngréasán. Bhí an Státrúnaí dóchasach go gcuirfí TG4 ar an ghréasán in am trátha. "It is too early to determine the precise steps which might be taken to improve coverage of TG4 in the digital environment. But the UK government will consider the availability of services in Northern Ireland in taking forward the digital plans," a scríobh sé.
Amhras faoi chuireadh a tugadh d’Éamon Ó Cuív
Bhí amhras ar an Rannóg Angla-Éireannach den Roinn Gnóthaí Eachtracha faoi chuireadh a tugadh d'Aire Stáit na Gaeltachta ag deireadh na nóchaidí labhairt ag ócáidí a d’eagraigh Sinn Féin. D'iarr Gearóid Ó hEára ar Éamon Ó Cuív aitheasc a thabhairt ag cruinniú d’fhochoiste cultúir Chomhairle Cathrach Dhoire i 1997. I dtrátha an ama céanna thug Eoghan Mac Cormaic, urlabhraí cultúir Shinn Féin, cuireadh don Aire Stáit labhairt ag Slógadh Shinn Féin a bheadh ar siúl i Maigh Eo i nDeireadh Fómhair na bliana sin.
Ach bhí amhras ar Mháirtín Ó Fainnín faoi na hiarratais seo: "As these representations ar somewhat sensitive they should perhaps be cleared by Sec Gallagher." B’in tagairt do Dermot Gallagher Leas Ard-Rúnaí na Roinne. Dúradh le Ó hEára go mbeadh air beannacht a fháil ó bheirt Chomhairleoirí Cathrach de chuid an DUP (a bhí ar an fhochoiste céanna) do chuairt Uí Chuív sula n-amharcfaí ar a iarratas.
Ní raibh an tAire Gnóthaí Eachtracha, David Andrews, ró-thógtha leis an iarratas don Slógadh. Scríobh a Rúnaí Príobháideach, James McIntyre, chuig an Aire Stáit agus dúirt gur cheart an deis a thapú i gcónaí labhairt le hurlabhraithe Shinn Féin agus an SDLP faoi chúrsaí teanga chun muinín an phobail náisiúnaigh sa phróiseas síochána a chothú. "The Slógadh does not, however, appear to be directly relevant to the position of the Irish language in the North. It is, in fact, a cultural event of a political party operating in this jurisdiction." Moladh don Aire Stáit diúltú don chuireadh.
Lá fágtha ar lár ó eagraíocht do nuachtáin
Rinne an t-iriseoir Máirtín Ó Muilleoir gearán chuig an Taoiseach Bertie Ahern i mí na Samhna na bliana 1999 go raibh leithcheal á dhéanamh ag an eagraíocht a bhí ag plé le nuachtáin réigiúnacha ar an nuachtán seachtainiúil Gaeilge Lá.
Bhí an Muilleoireach míshásta nach bhfuair sé freagra ar a iarratas chuig Neville Galloway, Príomhfheidhmeannach an Regional Newspaper Association of Ireland.
"Ábhar buartha againn é go bhfuil cosc ar an Andersonstown News, North Belfast News agus Lá ón eagraíocht seo," a scríobh Máirtín Ó Muilleoir, a bhí ina Bhainisteoir Eagarthóireachta ar an trí nuachtán úd. "Tá iarratas ag an eagraíocht uainn ó bhí mí an Mhárta 1999 ann ach ní bhfuair muid aon chinneadh uathu." D'fhiosraigh Máirtín Ó Fainnín ón Rannóg Angla-Éireannach den Roinn Gnóthaí Eachtracha an scéal le Galloway agus bhí freagra sásúil acu don Mhuilleoireach: "Tuigtear dúinn ón eagraíocht sin nach bhfuil aon bhac ar na nuachtáin ón Tuaisceart clárú mar bhaill. Cé nach bhfuil nuachtáin ó Bhéal Feirste cláraithe leo ag an bpointe seo, tá baill acu as Doire. Tá súil agam go mbeidh toradh sásúil ar d'iarratas in am trátha."