skip to main content

Cáipéisí Stáit: Trí scéal ón Chartlann Náisiúnta

An craoltóir Éamonn Dunphy
An craoltóir Éamonn Dunphy

Trí Scéal ón Chartlann

Bagairt príosúin ar Éamonn Dunphy

D'éirigh leis an chraoltóir Éamonn Dunphy na cosa a thabhairt leis i 1993 nuair a d'ordaigh breitheamh sa Chúirt Dúiche é a chur i bpríosún. Léiríonn comhad de chuid Oifig an Ard-Aighne atá ar fáil anois sa Chartlann Náisiúnta an siar is aniar a bhain le hathbhreithniú breithiúnach a bhí á lorg ag Dunphy san Ard-Chúirt in éadan cinnidh a rinne an Breitheamh Tim Crowley barántas gabhála a eisiúint fána choinne. Eisíodh an barántas an 31 Bealtaine, 1993 nuair a theip ar Dunphy teacht os comhair na cúirte chun cúiseanna a bhain le coireanna tráchta a fhreagairt. Ní raibh aon cháin bóthair ná árachas aige don charr a bhí sé a thiomáint. Bhí Dunphy as baile ag an am agus d'iarr sé ar a aturnae - Patrick McGonagle - ionadaíocht a dhéanamh air sa chúirt agus go n-iarrfaí ar an bhreitheamh an cás a chur siar. Sa mhionnscríbhinn a thug sé don chás Ard-Chúirte, dúirt Eamonn Dunphy gur theip ar a chuid iarrachtaí dul i dteagmháil leis an Gharda a bhí á chúiseamh ar lá na héisteachta. Nuair a d'fhiafraigh an Breitheamh Crowley cá raibh Dunphy, ghabh a aturnae leithscéal ar a shon agus dúirt go raibh a chliant thar sáile. Ina ainneoin sin, d'eisigh an breitheamh barántas gabhála do Dunphy. San athbhreithniú breithiúnach dúirt Dunphy nach raibh aon údarás ag an bhreitheamh an barántas a eisiúint.

Léiríonn comhaid an Stáit ó 30 bliain ó shin gur lorg Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit comhairle ón Ard-Aighne faoin ábhar. Chuir an Breitheamh Crowley in iúl don Ard-Aighne nár mhian leis cur in aghaidh an athbhreithnithe bhreithiúnaigh a bhí á thionscnamh ag Dunphy. Mar gheall air sin, bheadh cinneadh an Bhreithimh Crowley le cur ar neamhní agus threoraigh an tArd-Aighne go rachadh an cás ar ais go dtí an Chúirt Dúiche. I ndeireadh ama, níor cuireadh Éamonn Dunphy go príosúin.

Ainm an Stáit ina chnámh spairne

Bhí ainm an Stáit ina chonspóid 30 bliain ó shin de bharr achomharc a rinne Dessie Ellis (atá ina Theachta Dála do Bhaile Átha Cliath Thuaidh-Thiar faoi láthair) in éadan a eiseachadta chun na Breataine. Bhain an cás le cúiseanna sceimhlitheoireachta i Sasana agus sa Bhreatain Bheag idir na blianta 1981 agus 1983. Ba é an chéad iarratas eiseachadta a tháinig os comhair chúirteanna na hÉireann ó scaoileadh Ceathrar Guilford saor i 1990 de bharr iomrall ceartais.

Dessie Ellis a bhí le heiseachadh sna nóchaidí

Cé nár éirigh le hachomharc Ellis sa Chúirt Uachtarach tháinig ceist chun cinn faoi ainm na tíre. 'Poblacht na hÉireann' a bhí scríofa san iarratas eiseachadta ach Éire a thugtar ar an Stát sa Bhunreacht. Ina bhreithiúnas siúd ar an chás dúirt an Breitheamh Walsh: "If the Courts of other countries seeking an assistance of the Courts of this country are unwilling to give this State its constitutionally correct and internationally name then, in my view, the warrants should be returned to such countries until they are rectified."

De réir cáipéis rúnda a d'ullmhaigh Ambasáid na hÉireann chun na Breataine, dúradh go raibh treoir tugtha do na Gardaí gan 'sceimhlitheoir' eile darb ainm McIntyre (a bhí ar a sheachnadh ag an am) a ghabháil mar gur baineadh úsáid as an téarma 'Poblacht na hÉireann’ sa bharántas gabhála.

Scríobh Oifig Ard-Aighne na hÉireann chuig a gcomheagraíocht i Londain chun a chur in iúl dóibh nach nglacfaí feasta leis an téarma 'Poblacht na hÉireann' sna hiarratais eiseachadta. Fuair Dermot Gallagher ón Rannóg Angla-Éireannach den Roinn Gnóthaí Eachtracha comhairle dlí i 1990 a thug le fios gur dócha go n-éireodh le haon dúshlán cúirte a ghlacfaí amach anseo in éadan barántas eiseachadta ina mbeadh an téarma 'Poblacht na hÉireann' luaite.

I ndoiciméid a d'ullmhaigh Declan O'Donovan ón Roinn Gnóthaí Eachtracha faoi ainm an Stáit, dúradh go raibh débhrí áirithe sa Bhunreacht maidir le hainm na tíre: "Article 4 of the Constitution itself gives reason for some doubt because it refers in the English language text to the name of the state as Éire "or in the English language Ireland.'"

Luaigh O'Donovan an nós a bhunaigh toscaire áirithe chuig na Náisiúin Aontaithe 'Poblacht na hÉireann' a thabhairt ar an Stát. "There was one particular British delegate in my time who relished occasional references to us as Republic of Ireland (he had Northern unionist views and connections and later went on secondment to the NIO for a period). He was responsible for the heading of Republic of Ireland on the note-pads which the Secretary mentions were distributed by the British Presidency about 1980." Bhí O'Donovan den tuairim go raibh dualgas ar Ambasáid na hÉireann chun na Breataine a chur ina luí ar údaráis dlí na Breataine nár cheart ainm a thabhairt ar an Stát a bhí contráilte ó thaobh an dlí de. Bhí práinn ag baint leis seo i bhfianaise bhreithiúnas an Breithimh Walsh i gcás eiseachadta Dessie Ellis, dar leis.

Ach bhí fainic bheag sa chomhairle a tugadh don Rannóg Angla-Éireannach den Roinn Gnóthaí Eachtracha: "We should not lose sight of the possibility that if we press for the use of Ireland they may accept to do so provided that we address them by the name their law specifies, i.e. the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland."

Binse Fiosraithe molta le hiniúchadh a dhéanamh ar Dhialanna Roger Casement

Bhí comhráití ar bun sa bhliain 1999 idir an tArd-Aighne agus Comhairleoir Speisialta an Taoisigh maidir le breitheamh a cheapadh chun fiosrúchán oifigiúil a dhéanamh thar ceann an Stáit ar dhialanna Roger Casement. Baineadh úsáid as an gháirsiúlacht a bhí sna dialanna dubha nuair a bhí Casement ar a thriail as tréas a dhéanamh ar an Bhreatain. Le blianta fada ina dhiaidh sin, bhí díospóireachtaí go leor ag staraithe faoi bharántúlacht na ndialann dubh. Mheas go leor in Éirinn gur chumadóireacht bhréige a bhí iontu chun smál a chur ar chlú Casement.

An Dr Martin Mansergh, Comhairleoir Speisialta an Taoisigh

Chuir an t-údar Angus Mitchell (a chur The Amazon Journal of Roger Casement in eagar) cáipéis thoirtiúil faoi na dialanna faoi bhráid Chomhairleoir Speisialta an Rialtais, an Dr Martin Mansergh, sa bhliain 1999. Ba é Mitchell a mhol i dtús ama go mbunófaí binse fiosraithe chun an t-ábhar a chíoradh: "If the diaries were independently examined by an international tribunal of experts then, it could bring to an end one of the bitterest propaganda wars in Anglo-Irish relations and help reconcile one more issue in a still dangerous conflict of historical traditions."

Bhí Mansergh go mór i bhfách binse fiosraithe den chineál sin a bhunú agus lorg sé comhairle ón Ard-Aighne ina leith. Bhí dhá fhéidearthacht ann, dar le Mansergh, is é sin grúpa saineolaithe a bhunú chun an scéal a fhiosrú nó breitheamh a cheapadh le bheith ina chathaoirleach neamhspleách ar bhinse fiosraithe. Dúirt James Hamilton, Ard-Stiúrthóir Oifig an Ard-Aighne, leis nach ionann an cur chuige a bheadh ag staraí agus ag breitheamh: "The historian tends to judge what happened, and why, using the materials which happen to be available. There may be occasions when the materials available to an historian are not sufficiently ample to enable judgement to be made. The lawyer tends to engage in a more structured and in some respects more limited exercise," a scríobh Hamilton.

Níor mhol sé go gcuirfí breitheamh i mbun an chúraim seo mar gur iondúil go mbíonn siad ag plé le fianaise a chuirtear os a gcomhair seachas le fianaise a d'fhéadfadh teacht chun cinn. Bheadh taithí ag breithiúna áirithe a bheith ag plé le cásanna ina mbeadh 'thar amhras réasúnta' mar thairseach ciontaithe ach sa chás seo bheadh 'is dócha ná a mhalairt' mar chonclúid! Mheas Hamilton gur beag rath a bhí air na binsí fiosraithe a bunaíodh le blianta beaga roimhe sin. "On a practical note I would expect that the courts would find it difficult to release one of the judges to participate in an exercise that would be likely to be of a long duration. The judges who would likely to be of most use in carrying out such a task would tend to be the ones who could least easily be spared from their judging tasks!"

Ghlac Martin Mansergh leis an chomhairle seo agus chuir sé in iúl do Hamilton nach mbeidís ag dul ar aghaidh leis an bhinse fiosraithe ach nach gcuirfí as an áireamh é lá níos faide anonn.