Bhí imní mhór ar Roinn na Gaeltachta sa bhliain 1993 go mbeadh orthu ball de Bhord Údarás na Gaeltachta a bhriseadh as a phost. Scríobh Rúnaí na Roinne chuig an Ard-Aighne an 15 Samhain 1993 ar bhonn práinne ag lorg comhairle i dtaca le ball den bhord, a d'ainmnigh an tAire, agus ar gearradh téarma príosúin dhá mhí air i gCúirt Dúiche an Chlocháin Léith de bharr fiacha nár íoc sé. Bhí an-phráinn ag baint leis an scéal ó tharla go mbeadh cruinniú den bhord ar siúl ceithre lá ní ba dheireanaí. Níor ainmníodh an ball boird agus tugadh 'AB' air le linn an chomhfhreagrais.
An 31 Iúil, 1992, rialaigh Cúirt Dúiche an Chlocháin Léith go mbeadh ar AB £5000 (móide costais) a íoc le hollmhargadh an Co-Op. An 11 Bealtaine, 1993 d'ordaigh an chúirt go ndíolfadh AB £300 sa mhí leis an Co-Op. An 18 Lúnasa 1993 d'eisigh an siopa ordú cimithe i leith AB. Níor tháinig sé i láthair na cúirte agus gearradh dhá mhí sa phríosún air. Thug Tadhg Ó hÉalaithe le fios don Ard-Aighne, áfach, nach raibh barántas gabhála sínithe ag an Bhreitheamh ná tugtha do na Gardaí go fóill.
Mheas Ó hÉalaithe go mbeadh ball boird dícháilithe dá gcuirfí i bpríosún é. Bhí a leithéid d’fhoráil in Acht Údarás na Gaeltachta, 1979, dar leis. D'fhiafraigh sé den Ard-Aighne cén stádas a bhí ag comhaltacht AB ar bhord an Údaráis. Sa chás go ndéanfaí é a dhícháiliú an mbeadh seasamh dlí ag na cinnidh a ghlac an bord fad is a bhí sé ina bhall de? D'fhiafraigh sé fosta an mbeadh tréimhse ama ar leith i gceist leis an dícháiliú agus an raibh aon bhac dlí ann AB a ainmniú arís. Ar deireadh chuir Ó hÉalaithe an cheist cad a tharlódh dá gcuirfí an pionós ar ceal.
Thuig James Hamilton ó Oifig an Ard-Aighne an phráinn a bhain leis an chás agus thug sé freagra ar Ó hÉalaithe an lá dar gcionn. De réir alt 7 d'Acht Údarás na Gaeltachta, 1979, deirtear go neamhbhalbh go ndéanfaí dícháiliú ar bhall boird a chuirfí i bpríosúin. Níor mheas Hamilton, áfach, go raibh aon ghá é a bhriseadh. Cé go raibh ordú tugtha ag an Bhreitheamh go ngabhfaí AB agus go gcuirfí i bpríosún é, níorbh ionann é sin agus téarma príosúin a ghearradh air.
"I think the term 'sentence' is a term of art describing the order made by a court following conviction of a criminal offence, " a scríobh Hamilton. "The imprisonment differs from that following sentence in a crucial respect - under section 6(e) of the Act the debtor may at any time as an entitlement secure his release from prison by paying his debt."
I ndeireadh ama, ba é an chomhairle a thug an tArd Aighne do Thadhg Ó hÉalaithe ná nár sháraigh AB alt 7 den Acht agus gur cheart go bhfanfadh sé ina chomhalta boird.