skip to main content

Cáipéisí Stáit: Fadhbanna ó thaobh an dlí le struchtúr TnaG

Michael D Higgins, an tAire Cumarsáide 1993
Michael D Higgins, an tAire Cumarsáide 1993

Sa bhliain 1993 bhunaigh Fianna Fáil agus Páirtí an Lucht Oibre comhrialtas. Bhí bunú stáisiúin teilifíse lán-Ghaeilge do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta leagtha amach mar sprioc i gClár an Rialtais, ach ní rabhthas ró-chinnte faoi cén dóigh a rachfaí ina bhun. Bhí sé i gceist ag an Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, Michael D Higgins, meamram a chur faoi bhráid an Rialtais i lár mhí Dheireadh Fómhair, 1993 agus go mbeadh an stáisiún úr (TnaG) réidh le dul i mbun craoltóireachta ag deireadh na bliana 1994.

Bhí an tAire Higgins agus Coiste Bunaithe TnaG buartha, áfach, go gcuirfeadh reachtaíocht úr moill ar an phróiseas. Mhol an tAire mar sin ordú aireachta a eisiúint i leith an Achta Craolacháin a bhí ann ag an am in áit reachtaíocht nua a thionscnamh. Chuirfeadh an tOrdú Aireachta dualgas ar RTÉ comhlacht a bhunú a bheadh i bhfeighil an stáisiún nua a chur go haer. Bheadh sé i gceist fosta go rachadh RTÉ agus Bord na Gaeilge i bpáirt sa chomhlacht seo mar go raibh an tAire ag iarraidh a chinntiú nach mbeadh smacht iomlán ag an chraoltóir náisiúnta ar an phróiseas.

Scríobh an tAire Higgins chuig an Ard-Aighne an 4 Deireadh Fómhair, 1993 ag lorg treorach faoin mhéid a bhí beartaithe aige.


Rinne Oifig an Ard-Aighne grinnscrúdú ar na cumhachtaí a bhí ag RTÉ agus ag Bord na Gaeilge faoi na hachtanna ar bunaíodh iad. Bhí an tArd-Aighne sásta go raibh a dtéarmaí tagartha leathan go leor ina reachtaíocht bhunaithe le go mbeadh ar a gcumas tabhairt faoin bheart.
Ainneoin sin agus uile, chuir sé fainic ar an Aire faoi mhórdheacracht a bhain leis an chur chuige sin. De réir

Acht leasaithe Craolacháin 1976, ba trí Ordú Aireachta a chuirfí aon leasú i bhfeidhm le go ndéanfaí comhlacht teoranta a bhunú i leith na cuspóra seo. Chaith an tArd-Aighne mór-amhras faoi dhul chun cinn leis an phróiseas ar na cúiseanna seo leanas:


1. Bheadh sé ag teacht salach ar an Acht Craolacháin leasaithe tabhairt ar an Údarás Craolacháin comhlacht den chineál sin a bhunú ina mbeadh coibhneas 80: 20 d'úinéireacht sealbhaithe san Aire. Sa chás sin bheadh an tÚdarás Craolacháin ag tarmligean a gcuid cumhachtaí reachtúla.
2. Dá mbeadh cumhachtaí breise le bronnadh ag an Aire ar an Údarás Craolacháin ba ghá gur cumhachtaí
tánaisteacha iad, is é sin cuspóirí a chuirfeadh le príomhchuspóirí an eagrais. Mar shampla, d'fhéadfadh an tAire cumhacht a thabhairt iris ar nós an RTÉ Guide a sheoladh. Ba dheacair argóint a dhéanamh gur cuspóir tánaisteach é bunú stáisiúin teilifíse nua, dar leis an Ard-Aighne.
3. Fiú mura mbeadh na moltaí ag teacht salach ar an Acht, bhí seans i gcónaí ann, de réir chomhairle an Ard-Aighne, go ndéanfadh an Chúirt Uachtarach cinneadh gurb amhlaidh an cás.
Lena chois sin, bheadh gá le ceadúnas úr a eisiúint le go dtabharfaí éifeacht don socrú seo. Bheadh sé níos fusa Acht nua a dhréachtú seachas leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht reatha, a dúradh.

"I have serious reservations about proceeding down this route," a scríobh an comhairleoir dlí a bhí ag plé leis an ábhar in Oifig an Ard-Aighne. "I agree," an freagra gairid a fuair sé ón Ard-Aighne, Harry Whelehan. Mar sin de, caitheadh an plean i dtraipisí agus ní dheachaigh TnaG ar an aer go Oíche Shamhna 1996, dhá bhliain níos déanaí ná mar a bhí á thuar ag an Aire Higgins.