An 13 Meitheamh 2005 fógraíodh go mbeadh stádas ag an Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus mar theanga oibre den Aontas Eorpach ach léiríonn cáipéisí an Stáit gur thug Rialtas na hÉireann droim láimhe do mholadh a leithéid a bhrú chun cinn tríocha bliain ó shin. Go deimhin, bhí an rialtas neamhairdeallach i mbun a ghnó nuair a theip orthu cás na Gaeilge a chur chun cinn (mar a bhí beartaithe acu) ag cruinniú mullaigh de chuid an AE i 1993.
Cinneadh go dtiocfadh méadú ar an Aontas Eorpach sa bhliain 1992 agus go mbeadh an tSualainn, an Ostair agus an Fhionlainn ag glacadh ballraíochta ann. Bhí na heagrais Ghaeilge den tuairim gur deis iontach a bheadh anseo chun stádas oifigiúil oibre a bhaint amach don Ghaeilge.
Chuir Ceannasaí Ghael Linn, Dónal Ó Móráin, cáipéis thoirtiúil faoi bhráid na Roinne Gnóthaí Eachtracha a rinne cur síos ar an spreagadh a thabharfadh stádas oifigiúil don Ghaeilge sa chóras oideachais agus ar an bhuntáiste fostaíochta a thabharfaí do chúpla céad duine (ar chostas an AE). Chuir sé in iúl do Wally Kirwan, Rúnaí Cúnta i Roinn an Taoisigh, go raibh an cháipéis 'dréachtaithe ar bhealach a bheadh, dar liom, ag teacht le meon D Andrews i gcás mar seo.' Ba é David Andrews Aire Gnóthaí Eachtracha an ama.
Ach ní dhearna Rialtas na hÉireann iarratas ar stádas oibre don Ghaeilge ag an chruinniú mullaigh a bhí ar siúl i Nollaig na bliana 1993 tráth ar cinneadh an Fhionlainnis agus an tSualainnis a aithint mar theangacha oifigiúla oibre. Léiríonn meamram de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha, Noel Fahy, gur aniar aduaidh ar an rialtas a tháinig an cinneadh an stádas sin a bhronnadh ar an dá theanga sin. Bhíothas ag súil go nglacfaí le moladh ón Ríocht Aontaithe go mbeadh stádas eatramhach ag an dá dhá theanga agus go bhféadfaí cás a dhéanamh don Ghaeilge dá réir sin. Ina áit sin, bronnadh stádas oifigiúil oibre ar an dá theanga gan aon phlé ná díospóireacht.
"In the circumstances we did not have the negotiating base on which to develop a case for the improvement of the status of Irish," a scríobh Rúnaí Cúnta na Roinne Gnóthaí Eachtracha, Noel Fahy. "I spoke briefly to the Tánaiste [John Wilson] subsequently about the possibility of putting down a marker at Council to the effect that the present position of Irish would not be assumed to be permanent and that if there was a review of the linguistic regime at the time of a subsequent enlargement we would be seeking a review. While he appreciated the situation the Tánaiste was reluctant to open the issue again in the negotiations.
Thug Dónal Ó Móráin le fios don Aire Stáit sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, Tom Kitt, gur 'cailleadh deis iontach chun an fhaillí a chur ina cheart.' Mheas sé, áfach, go bhféadfaí an cheist a réiteach trí Chonradh Maastricht.
Bhí conspóid faoi stádas na Gaeilge ag an am mar go raibh cáilíocht i mBéarla agus i dteanga oifigiúil eile de chuid an AE mar riachtanas iontrála ag Ollscoil Luimnigh. Lorg aturnae Ghael Linn soiléiriú ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus ón gCoimisiún Eorpach an raibh an Ghaeilge áirithe mar theanga oifigiúil de chuid an AE. Ach fuair sé dhá fhreagra éagsúla uathu! Mheas Wally Kirwan Rúnaí Cúnta i Roinn an Taoisigh gur thug freagra an Choimisiúin le fios go neamhbhalbh nach teanga oifigiúil í. Mar sin de, mhol Kirwan, go ndéanfaí leasú ar an fhreagra a thug an Roinn Gnóthaí Eachtracha do Ghael Linn: "Dá dtiocfadh imeachtaí Ollscoil Luimnigh os comhair cúirte, mar atá á bhagairt, níor mhaith an mhaise é go mbeadh freagra ón Rialtas ar an gcomhad a bheadh bun os cionn le reachtaíocht an Chomhphobail agus le freagra ó Oifig an Chomhphobail abhus."
Bhí éiginnteacht faoi stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach le fada. Nuair a bhí comhráití ar siúl maidir le ballraíocht a bhaint amach sa Chomhphobal, d'iarr Aire Gnóthaí Eachtracha an ama, Patrick Hillary, go dtabharfaí aitheantas don Ghaeilge mar cheann de theangacha oifigiúla na gComhphobal méadaithe. Ach ghlac an rialtas leis nach mbainfeadh úsáid na Gaeilge le hionstraimí an Chomhphobail seachas i gcás Conarthaí. Ba é an toradh a bhí ar an mhéid a ghéill an Rialtas le linn na gcomhráite i 1971/72 nach teanga oifigiúil oibre a bhí sa Ghaeilge go dtí an bhliain 2005, tráth ar éirigh leis an fheachtas STÁDAS é a bhaint amach.