skip to main content

Cáipéisí Stáit. 'Lab' Mhaínis sábháilte ag Charlie Haughey

An tOllamh Pádraig Ó Céidigh, ón saotharlann i gCarna
An tOllamh Pádraig Ó Céidigh, ón saotharlann i gCarna

Rinne an Taoiseach, Charles Haughey, idirghabháil phearsanta sa bhliain 1989, lena chinntiú nach ndúnfaí an tIonad Taighde Muireolaíochta (nó an 'lab' mar a thugtar air san áit) i Maínis i gConamara. Tá comhad de chuid Roinn an Taoisigh ar an ábhar le fáil anois sa Chartlann Náisiúnta faoin Riail 30 Bliain.

I mBealtaine na bliana 1988 scríobh an tOllamh Pádraig Ó Céidigh ó Roinn na Zó-Eolaíochta in Ollscoil na Gaillimhe, litir phaiseanta chuig an Taoiseach. Dúirt sé go raibh an tsaotharlann le druid agus go gcaillfeadh an seachtar a bhí fostaithe ann a bpost. Go deimhin, bhí fógra scoir tugtha don fhoireann. Easpa maoinithe ba chúis leis an bhagairt druidte. Rinne sé achainí phearsanta ar an Taoiseach a ladar a chur sa scéal lena chinntiú go dtiocfadh an tsaotharlann slán. "I know you will appreciate the anxiety that the uncertainty over the last number of months is causing both here and at Carna but most particularly among the staff involved," a scríobh an tOllamh Ó Céidigh.

An tIonad Taighde Muireolaíochta

Taobh istigh de thrí lá bhí moladh curtha chun cinn ag Roinn an Taoisigh leis an áit a shábháil. Dúradh gurb é an t-aon réiteach a bhí ann chun a chinntiú go mbeadh an tsaotharlann inmharthana ná é a shnoí isteach i bhForas na Mara a bhí le bunú go luath ina dhiaidh sin. Samhlaíodh mar sin go dtiocfadh sciar suntasach de mhaoiniú na saotharlainne ón earnáil tráchtála san am a bhí le teacht. San idirlinn, bhunódh Aire na Mara, Brendan Daly, bord bainistíochta chun an tsaotharlann a stiúradh. Bhronnfadh Roinn na Mara £80,000 breise ar an tsaotharlann chun cur lena allúntas don bhliain sin. Ní bheadh an ollscoil ag fáil aon chúiteamh as aistriú na saotharlainne mar gur le hairgead poiblí a tógadh é. Cé go mbeadh an tsaotharlann faoi stiúir Fhoras na Mara feasta, bhíothas fós ag súil go gcoinneofaí ceangal leis an ollscoil ó thaobh taighde de.

Scríobh an Taoiseach chuig Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, Colm Ó hEocha, an 20 Bealtaine agus chuir an plean tarrthála faoina bhráid. Seachtain ina dhiaidh sin, chuir Ó hEocha in iúl don Taoiseach gur ghlac Údarás na hOllscoile d'aon ghuth leis an phlean. Bhí olc ar an Ollamh Ó Céidigh go raibh an Ollscoil ag lorg freagra gasta uaidh faoin phlean tarrthála ach bhí sé sásta go maith leis: "I am quite prepared to go ahead with whatever course the present Taoiseach wishes. He originally funded the lab and has always been its friend," a dúirt sé le Ó hEocha.

Ach ní raibh deireadh leis an bhagairt dhífhostaíochta. Cé gur ghabh an Céideach buíochas ó chroí leis an Taoiseach, thug sé le fios dó nár tarraingíodh siar na fógraí scoir agus gur ligeadh dóibh dul in éag. Tugadh conarthaí úra sealadacha do na hoibrithe ina dhiaidh sin agus bhí siad iontach mí-shásta faoi na coinníollacha oibre nua.

Scríobh Bill Attley, Ard-Rúnaí an cheardchumainn FWUI, go díreach chuig an Taoiseach thar ceann na n-oibrithe. Chuir sé in iúl dó nach raibh na hoibrithe ag fáil aon sásamh ó Aire na Mara, Brendan Daly. Chuir an Taoiseach an scéal faoi bhráid Paddy McPhillips ó Roinn na Mara. Dúirt an ceardchumann leisean go raibh na hoibrithe iontach buartha go gcaillfidís a bpost nuair a thiocfadh deireadh leis na conarthaí sealadacha a tugadh dóibh. Mhínigh McPhillips don cheardchumann go raibh sé i gceist ag an Rialtas Foras na Mara a bhunú agus go mbeadh ról lárnach ag an tsaotharlann ann. Mhaolaigh sé sin a mbuairt, dar le McPhillips.

Mar thoradh air seo, scríobh an Taoiseach chuig Attley ag rá nach raibh aon chúis nach ndéanfaí athnuachan ar chonarthaí na n-oibrithe nuair a thiocfadh deireadh leis na socruithe sealadacha.