skip to main content

Cáipéisí Stáit: Bagairt mhór go ndruidfeadh Ryanair i 1989

Buanitheoir Ryanair, Tony Ryan
Buanitheoir Ryanair, Tony Ryan

Bhí baol mór ann go stadfadh Ryanair ag trádáil 30 bliain ó shin de réir chomhaid an Stáit atá ar fáil anois sa Chartlann Náisiúnta. Chuir an comhlacht in iúl don Rialtas go raibh siad lena moladh dá gcuid scairshealbhóirí i 1989 go ndúnfaí Ryanair. Chaillfí 514 post láithreach dá bharr mar aon le postanna eile in aerfoirt na tíre agus sa tionscal turasóireachta i gcoitinne.

Scríobh Príomhfheidhmeannach Ryanair, P J McGoldrick, litir 'phríobháideach agus rúnda' chuig an Aire Iompair ag an am, Séamus Brennan, an 11 Meán Fómhair 1989. Dúirt an Príomhfheidhmeannach gur chaill an comhlacht £7.5m an bhliain sin, suim i bhfad ní ba mhó ná mar a bhí tuartha. Mura bhfaighidís pacáiste substaintiúil tarrthála ón rialtas ní bheadh Ryanair ábalta leanúint ag trádáil ar bhonn dleathach.

Mhol Ryanair don Aire Brennan go nglacfadh an rialtas le polasaí ina mbeadh dhá aerlíne náisiúnta ag an Stát. Mhol siad fosta go gcuirfeadh siadsan eitiltí díreacha ar fáil go dtí an Bhreatain ó aerfoirt réigiúnacha na tíre ach gur trí Bhaile Átha Cliath amháin a bheadh Aer Lingus ag cur seirbhísí ar fáil do na haerfoirt seo. Mhol siad fosta go mbeadh cearta eisiacha acu i dtaca le heitiltí go Luton, Stansted agus Learpholl agus go mbeadh Aer Lingus ag freastal ar Heathrow, Gatwick agus Manchain amháin. Chiallódh sé sin nach mbeadh an dá aerlíne in iomaíocht lena chéile. Bhí Ryanair ag iarraidh fosta gurb iadsan amháin a bheadh ag eitilt go Munich agus bhí siad sásta eitiltí go Páras a fhágáil ag Aer Lingus.

Dúirt PJ McGoldrick leis an Aire Brennan go mbeadh scairshealbhóirí an chomhlachta sásta £10m breise a infheistiú sa chomhlacht dá nglacfaí leis na moltaí seo. "Without massive additional shareholder support, we will have no alternative but to close immediately," a dúirt sé.

In aide memoire a d'ullmhaigh an tAire Brennan do chruinniú Rialtais, cuireadh fainic ar a chuid comhghleacaithe faoi thodhchaí Ryanair: "Ryanair is technically insolvent and are on the verge of collapse." Chuir an tAire Brennan a chomhghleacaithe rialtais ar an eolas faoin bhaol dífhostaíochta dá dtarlódh sé sin. Thug bunaitheoir Ryanair, Tony Ryan, le fios go neamhbhalbh don Aire nach bhfaighidís pingin breise ó na scairshealbhóirí mura gcuirfeadh an rialtas na hathruithe a bhí molta i bhfeidhm.

Ghlac an tAire leis go raibh tionchar diúltach ag an iomaíocht ó Aer Lingus ar Ryanair ach bhí drogall air polasaithe eacnamaíochta caomhnaitheachta a chur chun cinn san earnáil. É sin ráite, dúirt an tAire Brennan nár cheart go ligfí do Ryanair dul go tóin poill: "The Minister is, therefore, of the view that Ryanair should be given a final opportunity to secure its future as the independent Irish airline in an increasingly competitive environment."

Ghlac an tAire Brennan cinneadh go gcloífí a bheag nó a mhór le moltaí Ryanair – is é sin go mbeadh cearta eisiacha acusan ar eitiltí go Munich, Learpholl, Luton agus Stansted. Ní bheadh cead ag Aer Lingus dul in iomaíocht le Ryanair ar na haerbhealaí sin ach bheadh cearta eisiacha acusan ar na heitiltí go Páras, Heathrow agus Gatwick.

Anuas air sin, ghlac Séamus Brennan leis an mholadh ó Ryanair gurb iadsan amháin a bheadh ag soláthar eitiltí ó na haerfoirt réigiúnacha chun na Breataine. Bheadh ar eitiltí Aer Lingus idir na haerfoirt réigiúnacha agus an Bhreatain dul trí Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Ghlac an Rialtas leis an mholadh seo an 19 Meán Fómhair, 1989.