Tharraing an craoltóir agus iriseoir, Proinsias Mac Aonghusa achrann i 1992, tráth a raibh sé ina Chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge, an bord stáit a bhí i bhfeighil chur chun cinn na teanga. Ina cholún don nuachtán seachtainiúil Anois, d'impigh Mac Aonghusa ar gach náisiúnach measúil in Iarthar Bhéal Feirste vóta a chaitheamh do Gerry Adams (Sinn Féin) seachas d'iarrthóir an SDLP, an Dr Joe Hendron, in olltoghchán Westminster na bliana sin. Dá gclisfí ar Adams, a dúirt sé, bua mór a bheadh ann d'impiriúlachas na Breataine.
Bhí an Páirtí Daonlathach ar mire faoin mhéid a scríobh Mac Aonghusa. Léiríonn cáipéisí an Stáit go raibh alltacht ar an Aire Stáit don Chomhshaol, Mary Harney, ach go háirithe. "Mr Mac Aonghusa's position as Chairman of Bord na Gaeilge, which receives about £1.5m of state funds, and exists to promote Irish as a living language, is completely untenable and is a gross insult to the countless true lovers of Irish language and culture."
De réir Alt 31 den Acht Craolacháin bhí cosc ar Adams agallamh a dhéanamh ar mheáin chraolta an Stáit. "We are now faced with the paradox that successive Governments of this state through legislation refuse to allow Mr Adams to avail of the public airwaves because of his support for the IRA's campaign of violence, while at the same time we have a Chairman of a State Board urging electoral support for the same Mr. Adams," a dúirt an tAire Stáit Harney. "The State cannot have it both ways, and Mr Mac Aonghusa should reconsider his position as Chairman of Bord na Gaeilge, or else the Government will be left with no option in my view but to remove him from office."
Chuir sí i leith Mhic Aonghusa nach raibh ina cholún ach 'provo speak.'
Ach chuir Mac Aonghusa a chosa i dtaca. In aitheasc a thug sé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an bhliain sin cháin sé na 'slíomadóirí' a bhí á gcur féin chun cinn mar cheannairí bréagacha na hÉireann: "Tá aigne an sclámhaí, an slíomadóra, an amhais agus an ruagaire Reatha ceannasach go leor fós in Éirinn. De réir na mbréagcheannairí, is beag is fiú traidisiúin na nGael agus is cuma an Gaeil nó coimhthígh a bhíonn i mbun an stáit."
Lena chois sin, mheabhraigh sé do dhaoine i gcónaí gur iarr sé ar Náisiúnaigh An Dún Theas san alt céanna vóta a chaitheamh d'iarrthóir an SDLP, Eddie McGrady, i dtoghchán Westminster. Mar a tharlaíonn sé bhuaigh Hendron agus McGrady na suíocháin.
Ach ba léir go raibh an bhróg ag teannadh ar chúl téarma. Léiríonn cáipéis de chuid Roinn an Taoisigh gur cheart go mbeadh tréimhse ceithre bliana aige, rud a chiallódh go mbeadh sé ina Chathaoirleach go dtí 31 Deireadh Fómhair, 1994. Ba é an Taoiseach, Charles Haughey, a cheap Mac Aonghusa ach díbríodh eisean in Eanáir 1992 agus tháinig Albert Reynolds i gcomharba air.
Léiríonn miontuairiscí na Comhaireachta atá ar fáil anois sa Chartlann Náisiúnta gur pléadh an t-ábhar ag cruinniú rialtais an 9 Aibreán, lá na vótála i dToghchán Westminster. Dúradh ag an tráth sin, go gcaithfí a thuilleadh plé a dhéanamh faoin Chathaoirleach le hAire Stáit na Gaeltachta, Pat the Cope Ó Gallchóir. Ag cruinniú rialtais eile an 12 Bealtaine, 1992, cinneadh go dtabharfadh an Tánaiste agus an tAire Cosanta, John Wilson, tuairisc don chéad chruinniú eile den rialtas faoin chonspóid.
Ag cruinniú rialtais an 17 Samhain, 1992 glacadh cinneadh an craoltóir Micheál Ó Muircheartaigh a cheapadh ina Chathaoirleach úr ar Bhord na Gaeilge.