Tá cúig bliana go leith príosúin gearrtha ag Cúirt na Vatacáine ar an chairdinéal Iodálach Angelo Becciu as na milliúin Euro a chúbláil.
Is é Becciu, 75, a bhíodh tráth ina chomhairleoir ag an Phápa Proinsias, an t-oifigeach is sinsearaí san Eaglais Chaitliceach a cuireadh ar a thriail i gcúirt de chuid na Vatacáine.
Bhain an cás le €350milliún a caitheamh ar réadmhaoin i gceantar Chelsea i Londain mar chuid de scéim infheistíochta a thoisigh i 2014 ach a chosain na milliúin Euro sa bhreis ar an Vatacáin.
Cuireadh cúiseanna éagsúla i leith deichniúr - ceannairí airgeadais, dlíodóirí agus iar-oibrithe de chuid na Vatacáine - ina measc calaois, sciúradh airgid agus mi-úsáid cumhachta.
Shéan siad uilig na cúiseanna.
Cuireadh tús leis an triail seo dhá bhliain go leith ó shin agus shuigh an chúirt 86 uair le héisteacht leis an fhianaise.
Tá sé ráite ag dlíodóir an Chairdinéil Becciu go ndéanfaidh sé achomharc agus go bhfuil sé neamhchiontach.