Bhí ceirt bhán ar iompar ag an triúr giall Iosraelach nuair a mharaigh arm a dtíre féin iad i nGaza, a deir urlabhraí míleata Iosrael.
Tá fiosrúchán bunaithe ag Fórsaí Armtha Iosrael ó mharaigh a gcuid saighdiúirí an triúr giall Iosraelach de thimpist i gceantar Shejaiya in aice le cathair Gaza.
Tá agóidí ar bun in Iosrael ó mhaidin in aghaidh mharú na bhfear agus daoine ag éileamh freagraí ón arm agus ón Rialtas.
Deir arm Iosrael gur mharaigh siad an triúr giall de thimpist nuair a cheap siad gur trodaithe de chuid Hamas a bhí iontu.
Dúirt sé go raibh dian throdaíocht ar bun sa cheantar "áit a mbíonn trodairí Hamas ag feidhmiú in éadaí sibhialtaigh agus taicticí cleasaíochta in úsáid acu."
"Bhí na fir gan léine agus bhí maide acu a raibh ceirt bhán air. Mhothaigh an saighdiúir faoi bhagairt agus chaith sé leo. D'fhógair sé gur sceimhlitheoirí iad, scaoil an t-arm piléir leo agus mharaigh siad beirt ar an toirt."
Goineadh an tríú giall agus chúlaigh sé isteach i bhfoirgneamh áit ar scairt sé amach in Eabhrais, a dúirt an t-urlabhraí airm.
Dúirt an t-urlabhraí gur scaoileadh leis na gialla in aghaidh rialacha comhraic arm Iosrael.
Tá a gcomhbhrón curtha in iúl ag an arm do ghaolta na ngialla agus deir siad nach gceilfidh an fiosrúchán aon eolas maidir leis an mharú.
Deir an tArm go bhfuil ceachtanna foghlamtha acu ón eachtra seo agus go bhfuil treoir shoiléir tugtha acu dá saighdiúirí i nGaza.
Deir an tArm gur aimsigh siad corp triúr giall eile i nGaza, a deir siad a mharaigh Hamas.
Orthu sin tá Elia Toledano, Iosraelach-Francach 28 bliain d'aois, a d'fhuadaigh Hamas ón fhéile ceoil Nova mar chuid dá n-ionsaí ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair.
Tá an triúr i measc ochtar giall atá tugtha arais go hIosrael ag an arm le roinnt laetha.
Creideann Arm Iosrael go bhfuil thart ar 20 den 130 giall atá fós i nGaza, marbh.
Scaoileadh saor 110 braighdeanach go dtí seo mar chuid de shos cogaidh seacht lá i mí na Samhna inár aontaigh Iosrael cimí Palaistíneacha a shaoradh as príosúin in Iosrael.
Tá na Stáit Aontaithe ag iarraidh tabhairt ar Iosrael maolú ar a bhfeachtas míleata agus díriú go sonrach ar cheannairí Hamas sa stráice.
Tá sé ráite ag Jake Sullivan, comhairleoir slándála Joe Biden le Rialtas Benjamin Netanyahu go bhfuil an baol ann go gcaillfidh Iosrael tacaíocht an phobail idirnáisiúnta má leanann siad dá n-ionsaithe aeir as éadan ar shibhialtaigh
Tá corradh le 19,000 duine maraithe i nGaza ó thosaigh Iosrael ar a bhfeachtas i ndiaidh ionsaí Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair.