Ag cruinniú mullaigh na gceannairí Eorpacha sa mBruiséil aréir, vótáil Príomhaire na hUngáire, Viktor Orban, i gcoinne pacáiste fóirithinte – gur fiú €50bn é - a thabhairt don Úcráin. Bhí na ceannairí eile i bhfábhar an phacáiste fóirithinte, ach níor ceadaíodh é, mar d'úsáid Viktor Orban a veto chun an rún a chloí.
Ní ba luaithe le linn an chruinnithe chéanna, tháinig na ceannairí ar aontú go gcuirfidís tús le cainteanna leis an Úcráin, féachaint leis an tír a ghlacadh isteach mar bhall san Aontas Eorpach. Bhí Viktor Orban i gconaí i gcoinne na hÚcráine a bheith ina ball den Aontas, ach shiúil sé amach as an seomra le linn do na ceannairí eile a bheith ag caitheamh vóta ar an gceist, rud a d’fhág gur glacadh leis an rún.
Tá caithreamh go fóill idir an Úcráin agus an Rúis.
Thug ceannairí eile an Aontais Eorpaigh le fios go rachfaí i mbun cainteanna arís go luath sa bhliain úr maidir le tuilleadh airgid a cheadú don Úcráin, le cuidiú leo an lámh in uachtar a fháil ar fhórsaí na Rúise, atá i mbun cogaidh i gcoinne na hÚcráine le dhá bhliain anuas, nach mór.
n-ionradh ar an tír ar 24 Feabhra 2022.
Tá an Úcráin ag brath ar airgead ón Aontas Eorpach agus ó Stáit Aontaithe Mheirceá chun leanúint lena dtroid i gcoinne na Rúise. Tá siad ag súil go gceadóidh SAM $61bn dóibh go luath, ach tá easaontas idir na Daonlathaigh agus na Poblachtánaigh maidir leis an maoiniú sin go fóill.
Tháinig deireadh le dul chun cinn fhórsaí na hÚcráine ag tús an gheimhridh de bharr easpa maoinithe. In agallamh leis an mBBC an tseachtain seo caite, dúirt bean chéile Uachtarán na hÚcráine, Olena Zelensky, go bhfuil faitíos ar mhuintir na hÚcráine go bhfágfar ina n-aonar iad, chun bás a fháil, mura leanann tíortha an Iarthair ar aghaidh ag cur cúnaimh ar fáil dóibh.