Tá an té dá ngairtear 'Saighdiúir F' le cur ar a thriail i mBéal Feirste faoi bheirt a dhúnmharú agus faoi iarracht a dhéanamh ar chúigear eile a dhúnmharú i gcathair Dhoire Domhnach na Fola 1972.
Ag éisteacht chúirte i nDoire inniu, rialaigh an Breitheamh Ted Magill go raibh dóthain fianaise ann leis an saighdiúir – iarshaighdiúir anois – a chur ar a thriail.
Ní dhearnadh aon rialú, áfach, faoi cén uair a chuirfí tús leis an triail.
Tá sé curtha i leith 'Shaighdiúir F' gur dhúnmharaigh sé William McKinney, 27 bliain, agus James Wray, 22 bliain, lá úd na fola.
Is mithid é, a dúirt Mickey McKinney – deartháir William – maidir leis an rialú a rinneadh inniu agus d'iarr sé tús a chur leis an triail gan a thuilleadh moille.
Lámhach agus mharaigh paratrúpaí ó Arm na Breataine trí shibhialtach déag – ar dhéagóirí seachtar acu – agus iad ag glacadh páirt i máirseáil cearta sibhialta i dTaobh an Bhogaigh ar an 30 Eanáir 1972.
Gortaíodh cúig dhuine dhéag eile sa luíochán agus bhásaigh duine acu ceithre mhí ina dhiaidh de bharr na ngortuithe a bhain dó an lá sin.
Glactar leis go coitianta gur chuir an t-uafás fad na mblianta leis an marú ó thuaidh.
Dúirt Tony Doherty ó Iontaobhas Dhomhnach na Fola go raibh sé thar am an dlí a chur ar 'Shaighdiúir F', go háirithe ó tá trí bliana déag caite ó foilsíodh Tuarascáil Saville maidir leis an sléacht.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ