Ag comhdháil COP28 in Dubai, tá margadh déanta faoi bhreoslaí iontaise ar deireadh le dúil an ghéarchéim aeráide dhomhanda a mhaolú.
Níl sé soiléir fós, áfach, cad is brí go baileach le foclaíocht an chomhaontaithe.
De réir a bhfuil sa chomhaontú, dealraíonn sé go bhfuil rún ag an 200 tír a ghlac leis an méid breoslaí iontaise a dhónn siad a laghdú de réir a chéile, é sin nó éirí as as breoslaí iontaise a dhó de réir a chéile, é sin arís nó rud éigin idir eatarthu.
Níltear cinnte ach an oiread cad is brí go baileach le 'de réir a chéile'.
Ar a shon sin, dúirt toscaire na hÉireann, an tAire Comhshaoil Éamon Ryan, go gcreideann sé féin gurb ionann 'laghdú de réir a chéile' agus 'éirí as de réir a chéile'.
In ainneoin na débhríochta nó na trébhríochta, is cor nua atá ann gealltanas mar é a bheith tugtha ag tíortha an domhain.
Dúirt Éamon Ryan go deimhin gur cor stairiúil é ós é seo an chéad uair le tríocha bliain gur tugadh aghaidh ar chroí na ceiste de réir a bhfuil cruthaithe ag an eolaíocht.
Dar le huarachtán COP28, Sultan Al Jaber, go gcuireann an comhaontú "bonn faoin athrú mór" a theastaíonn.
Is é a theastaíonn, agus a theastaíonn go géar de réir na saineolaithe, nach mbeidh teocht an domhain níos mó ná 1.5 céim Celsius níos airde ná mar a bhí sé roimh an Réabhlóid Thionsclaíoch san ochtú haois déag.
Is fáilte áirithe atá curtha roimh an gcomhaontú ag toscairí éagsúla.
Dar le toscaireacht an Aontais Eorpaigh – a bhfuil Éamon Ryan ar dhuine acu – go mb'fhéidir gur tús atá sa chomhaontú, tús an deiridh a chaithfear a chur le breoslaí iontaise a dhó.
Dúirt toscaire Stáit Aontaithe Mheiriceá John Kerry gur cheart do gach duine a bhí páirteach sa chomhdháil a bheith sásta leis an margadh a rinneadh, cé nach bhfuil sé gan locht, dar leis.
Tá guthaíocht mhór ar an gceist ag comhghuaillíocht na n-oileán beag, oileáin atá i mbaol a mbáite mar gheall ar an athrú aeráide, siúd is nach acu atá an guth is láidre ag an gcomhdháil.
Bhí faitíos an domhain orthu gur orthu a rachadh meath an mhargaidh agus dúirt an chomhghuaillíocht cé gur feabhas ar an gcéad dréacht atá sa chomhaontú deiridh tá siad díomách, arsa siad, gur athrú de réir a chéile a ghealltar ann seachas an claochlú a ghéartheastaíonn.
Tá an Bhanglaidéis ar cheann de na tíortha is mó ar domhan atá i gcontúirt mar gheall ar an athrú aeráide ó tá beagnach 75% den tír sin faoi leibhéal na mara.
Dúirt toscaireacht na Banglaidéise cé gurbh fhearr leo an comhaontú a bheith níos uaillmhianaí go bhféadfaidís glacadh leis ach tíortha eile a chur i bhfeidhm.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ