Bhí na sluaite ar shochraid Shane MacGowan ar an Aonaigh i gCo Thiobraid Árann inniu. Bhásaigh an t-iaramhránaí leis na Pogues an tseachtain seo caite in aois a chúig bliana agus trí scór.
Idir bheag agus mhór, fhir agus mhná, shean agus óg, bhí siad as cuntas na daoine ardchéimiúla a bhí i measc na sochraideach i Séipéal Mhuire an Phaidrín ar an Aonaigh, áit a dtéadh Shane MacGowan ar Aifreann go minic.
Bhí Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins ann, chomh maith leis na haisteoirí cáiliúla, an tÉireannach Aiden Gillen agus an Meiriceánach Johnny Depp.
Ach má bhí Diarmaid ann, bhí Tadhg ann leis mar ba fear den choitianacht é Shane MacGowan.
Tháinig siad uile ar aon bhonn le ómós a thabhairt don mharbh agus le comhbhrón a dhéanamh lena bhean chéile Victoria Mary Clarke agus lena dhaoine muinteartha.
Bhí iarcheannaire Shinn Féin Gerry Adams ar an tsochraid freisin agus léigh sé sliochtín i dtús an Aifrinn.
Ina dhiaidh, chas na hamhránaithe Imelda May, Liam Ó Maonlaí agus Declan O'Rourke leagan cóiriúil den amhrán You're The One.
Bhí amhránaithe agus ceoltóirí eile mór le rá ann chomh maith, leithéidí Nick Cave, Camille O'Sullivan agus Mundy.
Tugadh siombailí de ghnéithe éagsúla de shaol Shane MacGowan chun na haltóra, lena n-áiríodh bratach CLG Thiobraid Árann, bodhrán agus deilbhín den Mhaighdean Mhuire.
Ina aitheasc, dúirt príomhcheiliúraí an Aifrinn an tAthair Pat Gilbert gur file, liriceoir, amhránaí agus ceannródaí bríomhar ab ea Shane MacGowan.
Grinnléiriú ar an saol mar atá sé is ea a fhaightear i saothar Shane MacGowan, ar dhuine é a chuir in aghaidh na ngnásanna a raibh glacadh coiteann leo, arsa an sagart.
Ba iad cairde an mhairbh a chuir guí an phobail leis, mar atá, Johnny Depp, Sarah Leahy, Jess Ryan, Zakiti Dlamini, Orla Clarke, Liam Ó Maonlaí agus Bob Geldof faoi seach.
Ina dhiaidh sin, chan Seán Ó Sé agus Cór Chúil Aodha an t-iomann nach bhfuil ríochan leis i saothar Uí Riada Ag Críost an Síol.
Sular tugadh corp Shane MacGowan chun an Aonaigh tráthnóna, chuaigh an tsochraid trí lár dheisceart Bhaile Átha Cliath le deis a thabhairt do dhaoine a mbeannacht a chur lena anam.
Chaith daoine bláthanna le cóiste na marbh agus é ag dul thar bráid agus chas ceoltóirí áitiúla cuid d'aistí is aitheanta Shane MacGowan.
Créamfar Shane MacGowan i ndiaidh an Aifrinn Éagnairce tráthnóna agus ligfear an luaithreach le sruth na Sionainne – Príomhshruth Éireann – i gcaitheamh an deireadh seachtaine.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ