Tá bordaithe ar 100 dídeanaí breise ón Úcráin le dul chun cónaithe i gCill Airne, Co Chiarraí, as seo go deireadh na bliana.
Thug an Roinn Lánpháirtíochta le fios inné go bhfuil socrú déanta acu leis an gcomhlacht Millstreet Equestrian Services, ar le muintir Dhúgáin ó Shráid an Mhuilinn é, chun cóiríocht a chur ar fáil do na dídeanaithe.
Is san áit a mbíodh Clochar na Toirbhirte ar an tSráid Nua i gCill Airne a bheas na dídeanaithe ag cur fúthu.
Cheannaigh muintir Dhúgáin an clochar an samhradh seo caite ar €3 mhilliún dhá oiread an mhéid a hiarradh air ar an gcéad dul síos.
Tá an áit athchóirithe ó shin agus tá 26 seomra agus séipéilín ann.
Tuairiscítear go bhfuil muintir Dhúgáin meáite ar óstán a oscailt ar an suíomh i bhfad na haimsire.
Ta Millstreet Equestrian Services ar cheann de na comhlachtaí is mó sa tír a chuireann seirbhísí cóiríochta ar fáil don Stát, lena n-áirítear Caisleán an Driseáin i Sráid an Mhuilinn.
An mhí seo caite, scríobh Comhairle Contae Chiarraí chuig an Roinn Lánpháirtíochta ag iarraidh gan tuilleadh teifeach ná iarrthóirí tearmainn a chur go Ciarraí ar an gcúis, a deir siad, go bhfuil 10% d'Úcránaigh na tíre go léir i gCiarraí cheana féin agus nach bhfuiltear in acmhainn seirbhísí a chur ar fáil ach do mhéid áirithe daoine.
De réir figiúirí oifigúla atá faighte ag Nuacht RTÉ, tá 3,760 teifeach ón Úcráin lonnaithe i mbaile Chill Airne faoi láthair, ar ghualainn thart ar 2,000 i gcathair Chorcaí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ