skip to main content

'Stakeknife': ní thabharfar aon chúis in aghaidh sé dhuine dhéag

Freddie Scappaticci
Freddie Scappaticci

Tá sé deimhnithe ag ionchúisitheoirí sa Tuaisceart nach dtabharfar aon chúis in aghaidh sé dhuine dhéag a raibh sé curtha ina leith go raibh baint acu le dúnmharú agus le cionta eile.

Baineann an cás leis an bhfiosrúchán a rinneadh faoi Freddie Scappaticci, iarbhall sinsearach den IRA dá ngairtí Stakeknife, a bhásaigh i mí Aibreáin seo caite.

Bhí Freddie Scappaticci ar a theitheadh ón IRA ó 2003 nuair a ainmníodh é sna meáin chumarsáide mar spiaire.

Bhí fiosrúchán ar bun ag póilíní sa Bhreatain faoin mbaint a líomhnaíodh a bhí ag Scappaticci – agus dá réir sin ag Arm na Breataine – le breis agus leathchéad dúnmharú, gan trácht ar iarrachtaí ar dhúnmharú agus srianadh neamhdhleathach.

Fiosraíodh freisin an bhaint a dúradh a bhí ag póilíní an RUC agus ag seirbhísí faisnéise na Breataine leis na cionta sin.

Áirítear gur chuir lucht an fhiosrúcháin agallamh ar thart ar 300 duine in imeacht sé bliana.

Mhol siad ar deireadh go gcúiseofaí naonúr iarbhall den IRA, cúigear iarshaighdiúirí in Arm na Breataine agus iaroifigeach san RUC.

Dúirt an tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí sa Tuaisceart inniu, áfach, nach raibh dóthain fianaise ann leis an dlí ar chur ar na daoine sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ