skip to main content

Tuismitheoirí, daltaí Gaelscoileanna ag léirsiú lasmuigh den Dáil

Daltaí Gaelscoileanna in éineacht le Daidí na Nollag taobh amuigh de Dháil Éireann inniu
Daltaí Gaelscoileanna in éineacht le Daidí na Nollag taobh amuigh de Dháil Éireann inniu

Léirsigh barr ar 100 dalta ó chúig Ghaelscoil i ndeisceart Bhaile Átha Cliath taobh amuigh de Dháil Éireann inniu mar chuid d'fheachtas atá ar bun le meánscoil Ghaeilge a bhunú i scoilcheantar na bpáistí.

Tá tuismitheoirí agus daltaí i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6, agus 8 – i gcomhar le heagraíochtaí Gaeilge – ag éileamh ar an Roinn Oideachais Gaelcholaiste a bhunú i gcóngar Ghaelscoileanna an cheantair.

Níl aon Ghaelcholáiste sa mhórcheantar sin a bhfuil 200,000 duine ina gcónaí ann.

Thángthas i dtír ar Dhaidí na Nollag in ómós na hócáide agus thug na leanaí litreacha dó ina n-achainíonn siad air tacú lena n-iarratas.

Más mithid, is mall, dar leis na daltaí scoile seo!

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur gealladh sa Chlár Rialtais líon na ndaoine óga atá i scoileanna Gaeilge faoi láthair a dhúbailt agus Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a bhunú in áiteanna a bhfuil éileamh mór orthu.

Tá clann Arni Haraldsson ag freastal ar Ghaelscoil Lios na nÓg i mBaile Átha Cliath 6 agus bhí siad i láthair ag an agóid taobh amuigh de Theach Laighean inniu.

"Roghnaigh mé féin agus mo pháirtí Gaeloideachas dár mbeirt pháistí i nGaelscoil Lios na nÓg", arsa sí, "agus ba mhaith linn go mbeadh siadsan ... [agus páistí eile] ... in ann leanúint lena n-aistear oideachasúil trí Ghaeilge ag an dara leibhéal inár scoilcheantar".

I ráiteas ón Roinn Oideachais tráthnóna, dúradh go bhfuil dóthain spáis sna Gaelcholáistí i ndeisceart Bhaile Átha Cliath le freastal ar an éileamh atá ann faoi láthair.

Tugadh le fios, mar sin féin, ó tharla líon na nGaelscoileanna a bheith ag dul i méid sa cheantar go bhfuiltear ag coinneáil súil ar an gcás.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ