skip to main content

Slatiascairí ag cur in aghaidh eastát tithíochta i gCill Airne

Loch Léin, Cill Airne, Co Chiarraí
Loch Léin, Cill Airne, Co Chiarraí

Tá achomharc déanta ag slatiascairí i gCill Airne, Co Chiarraí, i gcoinne cead pleanála a tugadh don chomhlacht KPH Construction 249 áras cónaithe a thógáil ar Bhóthar na Páirce Uachtarach ar an mbaile.

Tá na slatiascirí ag cur i gcoinne na forbartha toisc go bhfuil caighdeán an uisce i lochanna agus in aibhneacha Chill Airne ag dul in olcas, a deir siad.

Creideann Cumann Iascairí Bradán agus Breac na Leamhna nach ceart cead pleanála a thabhairt d'fhorbairtí móra nó go ndéanfar uasghrádú ar chóras cosanta stoirme agus córas fuíolluisce Chill Airne.

Bhí curtha i gcoinne na forbartha cheana féin mar gur cheap daoine go mbeadh tranglam tráchta sa bhaile, chomh maith le róphlódú daoine.

Áirítear san fhorbairt atá molta ag KPH Construction dhá theach le cúig sheomra leapa; sé theach le ceithre sheomra leapa; 117 teach le trí sheomra leapa; 18 teach le dhá sheomra leapa; 68 árasán le dhá sheomra leapa; agus 38 árasán le seomra leapa amháin.

Ina theannta sin, teastaíonn ón gcomhlacht páirc shúgartha agus naíolann dhá urlár a thógáil, chomh maith le slí isteach nua ón mbóthar, cosáin siúil, agus spásanna páirceála do ghluaisteáin agus rothair a chur ar fáil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ