skip to main content

Séamas Ó Concheanainn ceaptha go hoifigiúil ina Choimisinéir Teanga

Séamas Ó Concheanainn agus Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins in Áras an Uachtaráin inniu
Séamas Ó Concheanainn agus Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins in Áras an Uachtaráin inniu

Tá Séamas Ó Concheanainn insealbhaithe go hoifigiúil ina Choimisinéir Teanga tar éis d'Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins a chuid dintiúr a bhronnadh air in Áras an Uachtaráin tráthnóna.

Mhol an Rialtas an Gaillimheach mar Choimisinéir Teanga i mí Iúil seo caite ach b'éigean fanacht nó gur thug Tithe an Oireachtais a mbeannacht don cheapachán sula bhféadfadh an tUachtarán a dheimhniú.

Agus é ag glacadh lena cheapachán in Áras an Uachtaráin inniu, dúirt Séamas Ó Concheanainn go raibh ag tnúth go mór lena chúram úr:

"Tá mé ag súil go mór leis an deis i mo ról mar Choimisinéir Teanga tionchar suntasach a imirt ar mhéadú agus ar fheabhsú na seirbhísí poiblí atá á gcur ar fáil trí Ghaeilge ag eagraíochtaí Stáit.

"Is dea-scéala é go bhfuil reachtaíocht teanga leasaithe (Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021) ag teacht i bhfeidhm i láthair na huaire leis na cearta teanga atá ag pobal na Gaeilge a láidriú".

An Coimisinéir Teanga Séamas Ó Concheanainn

Tharraing Séamas Ó Concheanainn aird ar leith ar na gealltanais sa reachtaíocht "maidir le dóthain foirne le cumas sa Ghaeilge a bheith ar fáil do sholáthar na seirbhísí poiblí nua".

Dar leis "[go m]beidh ról lárnach ag an earnáil ardoideachais trí Ghaeilge leis an acmhainn dhaonna [a theastaíonn chuige sin] a sholáthar".

Is as Baile an tSagairt sa Spidéal i gCo na Gaillimhe é Séamas Ó Concheanainn a bhfuil trí bliana caite aige ag obair mar Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga.

Tagann sé i gcomharbacht ar Rónán Ó Domhnaill a chaith naoi mbliana mar Choimisinéir Teanga agus a d'éirigh as an gcúram i dtús na bliana seo.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ