skip to main content

Gaza: fórsaí Iosrael i lár Khan Younis, sibhialtaigh ar an bhfán

Daoine gan dídean ar thaobh an bhóthair in Khan Younis, Gaza, 5 Nollaig 2023
Daoine gan dídean ar thaobh an bhóthair in Khan Younis, Gaza, 5 Nollaig 2023

Deir na Náisiúin Aontaithe nach bhfuil aon áit le dul ag 600,000 duine i ndeisceart Gaza ar ordaigh fórsaí Iosrael dóibh a mbailte a thréigean gan mhoill.

Dar le feidhmeannach sinsearach na Náisiún Aontaithe sna críocha Palaistíneacha, Philippe Lazzarini, go bhfuil leath na ndaoine sin tar éis a mbailte a fhágáil ina dtáinte cheana féin ach gur ar an bhfán atá siad ó tá na hionaid dídine ar fad lán go boimbéal le fada.

Cé go bhfuil treoracha tugtha ag na hIosraelaigh do na fánaithe dul chuig 'ceantair shábháilte' faoi leith, deir na Náisiúin Aontaithe nach bhfuil aon áit in Gaza sábháilte agus gur ag cur i gcéill atá na hIosraelaigh.

Rud eile de, is geadáin talún aimride atá sna 'ceantair shábháilte' seo nach bhfuil acmhainn ná áiseanna daonna dá laghad iontu, dar le hoifigeach áitiúil ó na Náisiúin Aontaithe.

Meastar go bhfuil os cionn 80% de mhuintir Gaza – idir thuaidh agus theas – ruaigthe as a mbailte faoi seo.

Daoine a gortaíodh in ionsaí na nIosraelach ar Khan Younis, 6 Nollaig 2023

I gceann na géarleanúna seo, tá an fhuil á doirteadh i gcónaí.

Tá sé dearbhaithe ag na hIosraelaigh go bhfuil lár chathair Khan Younis i ndeisceart Gaza bainte amach ag a gcuid saighdiúirí agus go bhfuil siad ag dul i gcomhrac le lucht airm Hamas ann.

Deir na hIosraelaigh go bhfuil rún daingean acu ceannairí Hamas a chreideann siad atá ina bhfolach in Khan Younis a bhású.

I dtuaisceart Gaza, is ag díriú ar cheantair faoi leith i gCathair Gaza, go háirithe Jabalia, atá fórsaí Iosrael.

Dar ndóigh, tá na céadta míle sibhialtach ina gcónaí sna háiteanna sin, cuid mhór acu i smionagar na bhfoirgneamh atá leacaithe ag buamaí na nIosraelach.

Nach mór 16,000 duine atá maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza le dhá mhí – 7,000 leanbh ina measc – i ndíol an ruathair a thug buíonta armtha Hamas ar dheisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair.

Mharaigh lucht Hamas 1,200 duine an lá sin, sibhialtaigh a mbunáite agus leanaí ina measc.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ