Beidh bigil ar siúl sa Lorgain i gCo Ard Mhacha tráthnóna i gcuimhne fir óig a dúnmharaíodh ar an mbaile sin an deireadh seachtaine seo caite.
Fuarthas corp an fhir, Odhrán Kelly, a bhí 23 bliain d'aois, i lár an bhaile go moch ar maidin Dé Domhnaigh agus tá an láthair á scrúdú ag foireann dhlí-eolaíochta na bpóilíní i gcónaí, an tríú lá as a chéile.
Tá carr a dódh in aice le bloc árasán á scrúdu acu go háirithe.
Tá beirt bhan, atá 35 agus 43 bliain d'aois, agus fear 31 bliain gafa agus á gceistiú ag na póilíní ar amhras go ndearna siad dúnmharú.
Deir na póilíní gur cosúil go bhfuil físeáin a bhaineann leis an scéal á roinnt ar mheáin shóisialta ag daoine agus go dteastaíonn uathu na taifeadtaí sin a fháil.
Deir siad freisin nach bhfuil aon bhaint ag an dúnmharú le coireacht eagraithe.
Rinneadh scrúdú iarbháis ar chorp Odhráin Kelly tráthnóna.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ