Tá sé dearbhaithe ag an Rialtas gur i mí an Mhárta seo chugainn a reáchtálfar dhá reifreann maidir le tagairtí faoi leith atá i mBunreacht na hÉireann don teaghlach agus do chúrsaí cúraim.
Is ar an 8 Márta 2024 – Lá Idirnáisiunta na mBan – a reáchtálfar na reifrinn.
Tá sé mar chuspóir ag an Rialtas de réir an 39ú Leasú ar an mBunreacht an sainmhíniú atá ar an teaghlach faoi láthair a leathnú agus lánúineacha nach bhfuil pósta a chur san áireamh feasta.
Mar atá, sonraítear in Airteagal 41.1.1 den Bhunreacht "[go n-a]dmhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach is buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir".
Maidir leis an bhfoclaíocht "ós ar an bPósadh atá an Teaghlach bunaithe" atá in Airteagal 41.3.1, tá súil ag an Riltas "nó ar chaidrimh inbhuanaithe eile" a chur leis.
Sa dara reifreann – an 40ú Leasú ar an mBunreacht – tá sé mar chúspóir a ndeirtear faoi ionad na mban sa teaghlach a leasú agus ina theannta sin aitheantas a thabhairt feasta do gach duine sa teaghlach a thugann aire do dhuine muinteartha.
De réir Airteagal 41.2 den Bhunreacht, "admhaíonn an Stát go dtugann an bhean don Stát, trína saol sa teaghlach, cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais".
Tá súil ag an Rialtas daoine eile sa teaghlach seachas 'an bhean' a chur san áireamh feasta.
Dúirt an Taoiseach Leo Vardadkar gur le fonn Bunreacht na hÉireann a theacht leis an saol mar atá, thar mar a bhí, atá an Rialtas ag moladh na leasuithe seo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ