skip to main content

Vóta muiníne san Aire Dlí agus Cirt buaite ag an Rialtas

An tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee i nDáil Éireann tráthnóna
An tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee i nDáil Éireann tráthnóna

Bhuaigh an Rialtas vóta muiníne san Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee i nDáil Éireann tráthnóna.

Pléadh rún mímhuiníne agus frithrún muiníne san Aire McEntee i seomra na Dála sular caitheadh na vótaí.

Ba é Sinn Féin a mhol an rún mímhuiníne agus ba é an Rialtas a mhol an frithrún muiníne.

Ar deireadh, vótáil 83 Teachta Dála ar son rún an Rialtas agus 63 a vótáil ar son rún Shinn Féin.

Bhain an scéal leis an ionsaí scine a rinneadh ar pháistí óga agus ar a bhfeighlí i lár Bhaile Átha Cliath dhá lá dhéag ó shin agus leis na círéibeacha a bhí ann ina dhiaidh sin.

I dteannta Shinn Féin, bhí sé ráite ag na Daonlathaithe Sóisialta nach raibh muinín acusan ach oiread as an Aire Dlí agus Cirt.

Agus é ag tacú léi le linn na díospóireachta sa Dáil, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh an tAire McEntee ag cur leis an líon Gardaí atá ar dualgas i mBaile Átha Cliath, cuir i gcás, agus go raibh teicneolaíocht aghaidh-aitheanta á tabhairt isteach aici.

Mhaígh an Taoiseach go mbainfí leas as an teicneolaíocht aghaidh-aitheanta le súil go bhféadfaí ainm a chur go pras ar dhaoine a bhí páirteach sna círéibeacha agus, chomh maith leis sin, le go mbeadh níos mó ama ag Gardaí chun obair eile nach é a dhéanamh.

Dar leis an Taoiseach – agus dar leis an Tánaiste Micheál Martin freisin – nach raibh i rún Shinn Féin ach taispeántas agus nach mbeadh de thoradh air ach misneach a thabhairt do lucht na círéibe.

Ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald i nDáil Éireann tráthnóna

Os a choinne sin, mhaígh ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go bhfuil "aiteas éigin" ag baint le lár thuaisceart Bhaile Átha Cliath faoi láthair, ar "aiteas bagrach" é, agus dúirt go gcreideann daoine nach bhfuil siad sábháilte ann.

Níl an dlí á chur i bhfeidhm mar is ceart sa cheantar agus tá an Rialtas ag baint boghaisíní ar an gceist, é sin nó ag déanamh faillí i bpobal na háite, arsa sí.

I dtaca leis na círéibeacha, mhaígh Mary Lou McDonald gur ligeadh seibh ar lár na cathrach le sprot agus go mb'éigean do Ghardaí ord agus eagar a chur orthu féin ar WhatsApp.

Dúirt an Teachta Dála Aodhán Ó Ríordáin ó Pháirtí an Lucht Oibre gur ar an Rialtas trí chéile thar Helen McEntee atá an milleán faoin droch-chaoi atá ar chúrsaí slándála i lár Bhaile Átha Cliath.

Vótáil Páirtí an Lucht Oibre in aghaidh fhrithrún an Rialtais.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ