Beidh bigil ar bun ón 7 a chlog anocht ag Cumann CLG Chill Dreasa i dTír Eoghain i gcuimhne ar Matty McGuigan (24) a bhásaigh go tobann san Astráil ag an deireadh seachtaine.
Ba é an peileadóir óg as an Chorr Chríochach captaen fhoireann Wolfe Tone Chill Dreasa agus bhí sé ina bhainisteoir ar fhoireann mionúir an chumainn sula ndeachaigh sé go Sydney an tseachtain seo caite.
Ní fios fós céard ba chúis lena bhás.
Seachtain is an lá inné a sheas Matty McGuigan ar an taobhline i gceannas ar na mionúr an uair dheireanach cé gur beag a shíl ag an am é.
Dé Céadaoin seo caite a thuirling sé féin agus a chailín Clodagh san Astráil.

Dé Sathairn a tháinig an scéala tubaisteach faoina bhás.
Bhí sé tar éis clárú i Sydney le CLG McAnallen atá ainmnithe i gcuimhne ar iarchaptaen de chuid Thír Eoghain, Cormac McAnallen, a bhásaigh ina fhear óg freisin i 2004.

Deir a chumann féin go raibh cumann na hAstráile ag tnúth go mór anonn leis ar feadh tréimhse agus go raibh siad féin ag súil go mór leis filleadh ar a dhúthaigh féin an bhliain seo chugainn.
Bhí Matty ar phainéal mionúr Thír Eoghain i 2017 agus tá Bord an Chontae tar éis a rá go raibh sé ar dhuine de na tosaithe a b'fhearr a bhí acu.
Ní hé an chéad uair é lucht an chumainn croí-bhriste le gairid.
Mí Mheán an Fhómhair maraíodh ball óg - Ronan Wilson nach raibh ach 9 mbliana d’aois - i dtimpiste bóthair i mBun Dobhráin, agus anuraidh cailleadh ball eile gníomhach, Noel Treacy.
Deir cumann Wolfe Tone go mbeadh cuimhne go deo ar Mhatty McGuigan, ar a aoibh gháire agus é ag gabháil chun páirce.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin as Cill Dreasa ag Ailbhe Ó Monacháin ar Nuacht TG4 ag 1900.