skip to main content

Beirt fhear - sna 40í agus 60í - le cúiseamh faoi lastas 60kg de hearóin ar bord eitleáin

An lastas a gabhadh ar taispéantas in Aerfort Weston
An lastas a gabhadh ar taispéantas in Aerfort Weston

Tá beirt fhear - duine thart ar 40 bliain d'aois agus an fear eile tuairim is 60 - le cúiseamh faoi luach €8 milliún de hearóin a fritheadh ar eitleán Dé hAoine in Aeradróm Weston i Léim an Bhradáin.

Is é an lear is mó hearóine gafa ag na Gardaí ó thús na bliana.

I málaí folúsphacáilte ar eitleán beag a fritheadh an lastas 60kg.

Tá an bheirt fhear le tabhairt os comhair cúirte go luath.

Tá an t-árthach tógtha ag na Gardaí agus tá siad ag fiosrú a cúrsa eitilte.

Déanadh an ghabháil a deir na Gardaí de bharr fhaisnéise a d’aimsigh an Biúró um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe i gcomhar le Seirbhís Custam na gCoimisinéirí Ioncaim.