Creideann 95% de na saineolaithe in earnáil ghineadh an leictreachais nach n-éireoidh leis an tír an sprioc 80% den chumhacht a bheith á ghineadh ó fhoinsí in-athnuaite faoin mbliain 2030 a bhaint amach, de réir tuarascála nua.
Léiríonn an taighde a rinne KPMG thar ceann Wind Energy Ireland go gceapann lucht na hearnála gurbh moill sa bpróiseas pleanála; mí-eagar i bhforbairt polasaí; agus easpa inniúlachta an ghréasáin leictreachais na cúiseanna is mó nach n-aimseofar an sprioc.
Ní mór don Rialtas a ghabháil i ngleic láithreach leis an 3 mhór-chonstaic sin a deir an staidéar 'Act Now - Accelerating onshore renewable energy in Ireland'.
Léirítear go sonrach go gcaithfear acmhainní cuí a chur ar fáil don chóras pleanála go mbeidh a ndóthain daoine cáilithe ann le cinneadh a dhéanamh i dtréimhse réasúnach ama.
Deir an taighde freisin nach bhfuil an gréasán náisiúnta oiriúnach don todhchaí mar gur dearadh é i ré an bhreolsa iontaise.

Níor mhór chomh maith tascfhórsa ar leith a bhunú a deirtear le comheagar a dhéanamh i gceart ar ghineadh cumhachta ó fhoinsí in-athnuaite, ar muir agus tír, idir ghaoth agus ghrian.
Deir Príomhfheidhmeannach Wind Energy Ireland Noel Cunniffe go gcaithfidh an tír dúiseacht agus tabhairt i gceart faoi chiorrú astú carbóin agus gan muid a bheith i dtuilleamaí allmhairiú breosla iontaise ón iasacht feasta.
"Is féidir linn - is cóir dúinn - a bheith i dtús cadhnaíochta i réabhlóid fuinnimh na hEorpa" a deir Noel Cunniffe "leis na acmhainní nádúrtha atá againn, ach an díogras a bheith againn le tabhairt faoin athrú."