Tá sé tugtha le fios ag Ambasadóir na hÉireann in Iosrael go raibh ionadh ar an Rialtas gur cháin Rialtas Iosrael ráiteas a rinne an Taoiseach Leo Varadkar faoin gcailín Emily Hand a bheith scaoilte saor ag Hamas.
Dúirt an Roinn Gnóthaí Eachtracha inniu gur thaispeáin an tAmbasadóir Sonya McGuinness d'oifigigh ó Rialtas Iosrael na ráitis iomlána a rinne an Taoiseach agus an Tánaiste Micheál Martin nuair a saoradh Emily Hand ar an deireadh seachtaine.
Dar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha gur luadh sna ráitis sin fulaingt Emily Hand agus a muintire, gabhadh buíochas leis na daoine a bhí páirteach san iarracht í a scaoileadh saor agus iarradh ar Hamas gach duine de na gialla atá siad a choinneáil a scaoileadh saor.
Ina fhianaise sin ar fad, a dúradh, chuir an tAmbasadóir McGuinness in iúl do na hIosraelaigh inniu go raibh ionadh ar Rialtas na hÉireann go raibh ráiteas an Taoisigh cáinte go poiblí acu.
Tá na hIosraelaigh thar a bheith míshásta go ndúirt Leo Varadkar go raibh Emily Hand "ar iarraidh" agus go raibh sí "faighte" arís nuair ba chirte dó a rá, dar leo, gur fhuadaigh sceimhlitheoirí í.
Dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha Iosrael Eli Cohen inné go raibh fios curtha aige ar an Ambasadóir chun a mhíshásamh a chur in iúl di.

Sa chruinniú idir Eli Cohen agus an tAmbasadóir inniu, de réir na Roinne Gnóthaí Eachtracha, dúirt Sonya McGuinness go raibh sé thar a bheith tábhachtach aird a thabhairt ar an dlí idirnáisiúnta agus ligean do sholáthairtí fóirithinte dul isteach in Gaza.
Níl aon ghlacadh ach oiread ag páirtithe polaitíochta an fhreasúra le cáineadh na nIosraelach.
Dúirt Sinn Féin gur mhór an náire é agus nach raibh ann ach iarracht aird a bhaint de na huafáis in Gaza.
D'iarr na Daonlathaithe Sóisialta ar an Rialtas arís Ambasadóir Iosrael in Éirinn a dhíbirt.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ