skip to main content

Cearta nua ó inniu ag daoine a fhulaingíonn foréigean baile

Feidhm ó inniu le cearta nua do dhaoine a fhulaingíonn foréigean baile (Stoc-íomhá)
Feidhm ó inniu le cearta nua do dhaoine a fhulaingíonn foréigean baile (Stoc-íomhá)

Tá oibleagáid dhlíthúil ó inniu ar fhostóirí a dtuarastal iomlán a íoc le daoine a chaithfeas am saor a thógáil óna gcuid oibre mar gheall ar fhoréigean baile.

Faoin Acht um Chothromaíocht Oibre agus Saoil, a ritheadh níos luaithe i mbliana, is féidir le daoine a fhulaingaíonn foréigean baile suas le cúig lá a thógáil saor sa bhliain gan aon chiorrú ar a gcuid pá.

Dúirt an tAire Comhionannais Roderic O'Gorman nár chóir go mbeadh daoine níos boichte de bharr foréigin atá á imirt orthu.

De réir an dlí nua, beidh ar fhostaithe a rá lena bhfostóirí gur mar gheall ar fhoréigean baile atá an t-am saor de dhíth orthu ach ní bheidh aon oibleagáid orthu a scéal a chruthú.

Mura mbeidh fostóir sásta glacadh le hiarratas ar am saor, is féidir leis an bhfostaí dul i gcomhairle leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.

An tseachtain seo caite, seoladh suíomh gréasáin nua le cuidiú le fostóirí an dlí nua a chur i bhfeidhm.

Tá acmhainní curtha ar fáil saor in aisce d'fhostóirí ar an suíomh www.DVatWork.ie.

Is saineolaithe ón gcarthanas Women's Aid i gcomhar leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, a bhunaigh an suíomh.

Déanfar athbhreithniú ar an dlí nua i gceann dhá bhliain.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ