skip to main content

Dáithí Mac Gabhann ag fanacht 2,000 lá le croí nua

Máirtín Mac Gabhann agus a mhac Dáithí
Máirtín Mac Gabhann agus a mhac Dáithí

Is le 2,000 lá anois atá Dáithí Mac Gabhann, buachaill seacht mbliana d'aois as Béal Feirste, ag fanacht le croí nua.

Cloch mhíle nár theastaigh atá ann ach tá an deis tapaithe ag athair Dháithí le aird an phobail a tharraingt ar chás a mhic.

Ní hé an chéad uair é ag cás Dháithí a bheith faoi iomrá.

I dtús an tsamhraidh – de thoradh fheachtas fada a mhuintire – tugadh isteach dlí nua sa Tuaisceart faoin mbreathnaítear anois ar bheagnach gach duine fásta atá tar éis bháis mar dheontóir orgán.

Glactar leis nár mhiste le daoine go mbainfí leas as a gcuid orgán mura raibh sé tugtha le fios go sonrach acu agus iad ina mbeatha nár mhian leo iad a dheonú.

'Dlí Dháithí' a tugadh ar an dlí in onóir an mhalraigh.

Seachtain i ndiaidh don dlí a bheith curtha i bhfeidhm, áfach, cuireadh in iúl do mhuintir Mhic Gabhann nach raibh dochtúirí le Dáithí a áireamh níos mó i measc na ndaoine a raibh siad ag tabhairt tús áite dóibh.

Ar ámharaí an tsaoil, tá tús áite tugtha dó an athuair ó shin ach bhain sé siar as a mhuintir an chaoi a bhféadfadh cúrsaí athrú chomh tobann.

Go deimhin, dúirt Máirtín Mac Gabhann inniu nach mairfidh Dáithí i bhfad mura bhfaighidh sé croí nua.

Tá bail sheasmhach ar Dháithí faoi láthair ach is feidir le cúrsaí athrú ar iompú boise, arsa sé.

Ainneoin an dlí nua, d'achainigh Máirtín Mac Gabhann ar dhaoine clárú mar dheontóirí orgán agus an scéal a phlé go hoscailte le daoine eile d'fhonn feasacht an phobail trí chéile ar an gceist a fheabhsú.

Chomh maith le Dáithí, tá suas le 150 duine sa Tuaisceart ag fanacht le horgán nua.

Anuraidh, fuair 96 duine ó thuaidh orgán nua ó dheontóirí a bhí básaithe.

Ar an drochuair, cailltear thart ar chúig dhuine dhéag gach bliain sa Tuaisceart agus iad ag fanacht le horgán nua.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ