skip to main content

Rachaidh múinteoirí i dTuaisceart Éireann ar stailc ar feadh 5 lá ag tosú an 29ú Samhain

Na céadta múinteoirí i mbun stailce agus slógaidh i mBéal Feirste an 26ú Aibreán.
Na céadta múinteoirí i mbun stailce agus slógaidh i mBéal Feirste an 26ú Aibreán.

Rachaidh múinteoirí i dTuaisceart Éireann ar stailc ar feadh 5 lá ag tosú roimh dheireadh na míosa a deir a gcuid ceardchumann in aighneas faoi phá atá ar siúl le fada.

An tseachtain seo chugainn a churfar tús leis an ngníomh tionclaíoch nuair a bheidh múinteoirí ar stailc ar feadh 12 uair a chloig, ó mheánoíche go meánlae an 29ú Samhain.

Deir Comhairle Múinteoirí Thuaisceart Éireann - ina bhfuil an 5 cheardchumann a dhéanann ionadaíocht ar oidí - go mbeidh 4 lá stailce ann amach san Earrach ach nach bhfuil na dátaí sin socraithe go fóill.

Tá múinteoirí agus lucht oibre i gcoitinne san earnáil phoiblí ó thuaidh i mbun gnímh le roinnt míonna.

Chuaigh Cumann Múinteoirí Uladh (UTU), Cumann Náisiúnta na Máistrí Scoile agus Aontas na Múinteoirí Ban (NASUWT), Cumann na mBunmhúinteoirí (INTO) agus an Cumann Náisiúnta Oideachais (NEU) ar stailc mí Feabhra seo caite.

Bhí Cumann Náisiúnta na bPríomhoidí (NAHT) ina dteannta - an chéad uair riamh ag an gcumann sin i mbun stailce faoi phá - san Aibreán tráth gur dúnadh formhór na scoileanna ó thuaidh.

Deir Jacquie White, ball den UTU agus an cathaoirleach ar an NITC, go bhfuil "múinteoirí agus cinnirí scoile i mbun gnímh le breis is bliain, gan aon chosúlacht air go bhfuil fonn ar an Roinn Oideachais ná ar an Rúnaí Stáit Chris Heaton-Harris an t-aighneas a réiteach.

Níl aon mhúinteoir ag iarraidh a ghabháil amach ar stailc ach is beag rogha fágtha againn anois ag lucht na bainistíochta."

Deir Justin McCamphill ón NASUWT go bhfuil "bearna ollmhór anois idir pá múinteoirí i dTuaisceart Éireann agus pá múinteoirí sa gcuid eile den Ríocht Aontaithe.

Tá fearg ar mhúinteoirí, tá géarghá le gníomh agus le maoiniú ceart ar an gcóras oideachais in áit an Rúnaí Stáit a bheith i bhfolach ag seachaint na ceiste."