Íocadh beagnach €2 mhilliún ag ceant i bPáras inniu ar hata a chaith Napóilean Bonaparte nuair a bhí sé ina impire ar an Fhrainc.
€1.932 milliún a tugadh ar an hata, an tsuim is mó a tugadh ariamh ar hata Napóilean ó dhíol an ceantálaí céanna Osenat an ceann deireanach ar €1.884 milliún i 2014.
Tá dathanna aitheanta Napóilean - dubh agus suaitheantas gorm, bán is dearg bhratach na Fraince ar an hata ar de stíl 'bicorne' é
Dhiúltaigh an ceantálaí a rá cé a cheannaigh an hata ná cé as é.
Ba leis an fhear gnó Jean-Louis Noisiez a bhásaigh anuraidh, an hata cáiliúil go dtí inniu.