Osclaíodh Ionad Faoisimh do dhaoine fásta a bhfuil riachtanais speisialta acu i gCathair Saidhbhín inniu - an chéad cheann dá leithéid i ndeisceart Chiarraí.
Is fada tuismitheoirí ar fud Chiarraí Theas ag éileamh Ionad Faoisimh do leanaí fásta a bhfuil riachtanais speisialta acu.
Mar sin bhí cúis cheiliúrtha agus gairdis ag an bpobal inniu nuair a hosclaíodh na doirse ar ionad nua i gCathair Saidhbhín.
Is iad an grúpa tuismitheoirí Cúnamh Uíbh Ráthach a tháinig le chéile chun seanfhoirgneamh Mheánscoil na Toirbhirte i gCathair Saidhbhín a thógaint ar lámh.
Cheannaigh siad an foirgneamh i 2013 agus d'oscail siad Ionad Seirbhísí Lae ann.
Tá deich mbliana caite ag na tuismitheoirí ag bailiú airgid leis an Ionad Faoisimh a thógáil.

Tá an tIonad maisithe mar a bheadh gnáth theach cónaí ann.
Dúirt an grúpa nár mhian leo go mbeadh cuma institiúide ar an Ionad agus go mbeadh sé fáilteach agus teolaí le go mbeadh lucht a úsáidte ar a gcompord ann.
Milliún euro a chosain an obair athchóirithe agus deir an grúpa go ndearnadh an obair go léir gan aon airgead Stáit.

Tá géar ghá lena leithéid de ionad i gCiarraí Theas, a deir an grúpa - go h-áirithe faoin tuath - chun faoiseamh a thabhairt do thuismitheoirí atá ag tabhairt aire dá bpáistí fásta a bhfuil riachtanais speisialta acu.
Go dtí seo ba é an t-ionad i dtuaisceart Chiarrai, i Lios Tuathail, turas 100 km ó Chathair Saibhín an t-ionad ba chóngaraí dóibh.
Tá ceithre leaba san Ionad a bheidh faoi choimirce na heagraíochta Home Ireland agus faoi Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Tuairisc faoin scéal seo ag Marian O'Flaherty ar Nuacht TG4