Tá an fear gnó Ben Dunne ar éis bháis. Bhí sé seachtó ceathar bliain d'aois.
Bhásaigh sé go tobann inné le linn dó a bheith ar saoire i Dubai.
Bhí aithne mhór air mar iar-stiúrthóir ar chomhlachta ollmhargaí Dunnes Stores agus mar bhunaitheoirí Ben Dunne Gyms ar fud na tíre.
Ba é an duine ab óige de sheisear clainne é i dteaghlach an chomhlachta Dunnes Stores.
Síleadh gurb é a thiocfadh i gcomharbacht ar a athair mar cheannasaí an chomhlachta ach cuireadh cor ina chinniúint nuair a d'fhuadaigh an IRA é i gCo. Ard Mhacha i 1981 agus coinníodh ina ghiall é ar feadh seacht lá go dtí gur íocadh airgead fuascailte.
Lean sé ar aghaidh ina stiúrthóir ar ghnó a theaghlaigh go dtí gur cúisíodh é i Florida Mheiriceá sa mbliain 1992 as cócaon a bheith ina sheilbh aige agus faoi gur íoc sé as striapach.
Tharla easaontas i gclann Dunne ina dhiaidh sin a chuir deireadh lena cheangal le gnó Dunnes Stores.
Cheannaigh a dheirfiúr Margaret Heffernan a sciar den chomhlacht ar luach os cionn IR£100 milliún.
I 1997 bhunaigh Ben Dunne sraith sólanna agus ionaid aclaíochta ar fud Bhaile Átha Cliath a raibh rath orthu.
Ach tá a ainm aitheanta le ceann de na conspóidí a ba mhó i bpolaitíocht na naochaidí.
Thuairiscigh an t-iriseoir Sam Smyth gur bhronn Ben Dunne suimeanna airgid ar pholaiteoirí aitheanta - ina measc an t-iar aire rialtais le Fine Gael, Michael Lowry agus an t-iar Thaoiseach Charlie Haughey.

Bunaíodh binse fiosrúcháin McCracken i 1997 le iniúchadh a dhéanamh ar na híocaíochtaí sin.
Bhí an scannal íocaíochtaí chomh mór sin gurbh éigean an dara binse fiosrúcháin a bhunú faoi stiúir an Bhreithimh Moriarty.
Dhearbhaigh Ben Dunne don bhinse fiosrúcháin go ndearna sé na h-íocaíochtaí leis na polaiteoirí - bhronn sé £1.3 milliún punt ar Charles Haughey thar thréimhse fhada blianta.
Maireann bean chéile Ben Dunne agus a gceathrar clainne.