skip to main content

Dlíthe maidir le íos-téarmaí príosúin réidh i 2024 - McEntee

Faoin bhreitheamh a bheadh sé fad an téarma príosúin a shocrú, faoi na cumhachtaí nua, a dúirt Helen McEntee.
Faoin bhreitheamh a bheadh sé fad an téarma príosúin a shocrú, faoi na cumhachtaí nua, a dúirt Helen McEntee.

Tabharfar dlíthe chun cinn an bhliain seo chugainn chun cumhacht a bhronnadh ar bhreithiúna íos-téarmaí príosúin a ghearradh as dúnmharú agus coireanna tromchúiseacha.

Ag comhdháil speisialta Fhine Gael inniu dúirt an tAire Dlí is Cirt Helen McEntee go bhfuil a roinn ag obair ar dhlithe a cheadódh do bhreitheamh a mholadh nach mbeadh fáil ag duine a chiontófaí as dúnmharú, éigniú, ionsaí gnéis nó íospairt ghnéis ar leanaí, dul os comhair an Bhoird Parúil ar feadh 20 nó 30 bliain nó níos faide ná sin.

Faoi láthair, tagann príosúnaigh i láthair an Bhoird i ndiaidh 12 bliain.

Naoi mbliana déag a mhaireann an meán téarma príosúin saoil.

"Glactar leis go forleathan gur cheart go mbeadh téarma níos faide ag coireanna ar leith," a dúirt an tAire McEntee. "Tá formhór na hoibre déanta agus tá súil agam é a thabhairt chun cinn sa reachtaíocht."

Dúirt an tAire nach mbeadh ar a cumas an reachtaíocht a thabhairt chun cinn roimh dheireadh na bliana seo ach go mbeadh súil aici sin a dhéanamh an bhliain seo chugainn.

Nuair a daoradh Josef Puska inné as Ashling Murphy a dhúnmharú i mí Eanáir 2022, dúirt an Breitheamh Tony Hunt nach raibh údarás aige íos-téarma príosúin a ghearradh agus dá mbeadh, go smaoineodh sé ar théarma saoil iomlán sa chás áirithe sin.

Dúirt an tAire McEntee gur faoin bhreitheamh a bheadh sé fad an téarma príosúin a shocrú, faoi na cumhachtaí nua.