skip to main content

Scholz na Gearmáine ag caint le Netanyahu

"Géar ghá" le maolú ar an ghéarchéim dhaonnúil i stráice Gaza a deir Olaf Sholz
"Géar ghá" le maolú ar an ghéarchéim dhaonnúil i stráice Gaza a deir Olaf Sholz

Dúirt Seansailéir na Gearmáine Olaf Scholz le Príomh Aire Iosrael Benjamin Netanyahu inniu go bhfuil "géar ghá" le maolú a dhéanamh ar an ghéarchéim dhaonnúil i stráice Gaza, áit a bhfuil fórsaí Iosrael ar a mionda ina bhfeachtas in aghaidh Hamas.

Chuir Olaf Scholz "béim ar an phráinn atá le feabhas a chur ar chúrsaí do phobal Gaza," a dúirt oifig an tSeansailéara i ndiaidh glaoch teileafóin idir an bheirt cheannaire.

"D'fhéadfadh sosanna cogaidh daonnúla cabhrú go mór le pobal Gaza," a dúradh sa ráiteas.

Dúirt oifig Olaf Scholz gur thug an Príomh Aire Netanyahu eolas dó "maidir le hiarrachtaí Iosrael sibhialtaigh a chosaint i stráice Gaza."