Tá na hionsaithe a rinne arm Iosrael ar scoil de chuid na Náisiúin Aontaithe i Jabalia cáinte go géar ag ceannaire na háisíneachta do theifigh Palaistíneacha.
De réir na hAireachta Sláinte i nGaza, maraíodh ar a laghad 47 duine nuair a d'ionsaigh arm iosrael an scoil i gcampa teifeach Jabalia gar do theorainn thuaidh Ghaza le hIosrael.
Dúirt Philippe Lazzarini go raibh na mílte duine arbh éigean dóibh imeacht as a dtithe "ar foscadh sa scoil.
Chuir na pictiúir de na scórtha duine maraithe agus gortaithe uafás air.
"Ní féidir ligean do na hionsaithe seo éirí coitianta - caithfear stop a chur leo. Ní féidir fanacht a thuilleadh le sos cogaidh daonnúil," a dúirt Lazzarini.