skip to main content

Na sluaite ag mórshiúl don Phalaistín i mBaile Átha Cliath

Chuaigh an slua ón Gháirdín Cuimhneacháin chuig Cearnóg Mhuirfean
Chuaigh an slua ón Gháirdín Cuimhneacháin chuig Cearnóg Mhuirfean

Bhí na sluaite i láthair ag mórshiúl ar shon na Palaistíne i mBaile Átha Cliath agus iad ag éileamh go gcuirfí deireadh leis an chogaíocht idir Iosrael agus Gaza.

Chuaigh an slua ón Ghairdín Cuimhneacháin chomh fada le Cearnóg Mhuirfean áit ar labhair painéal cainteoirí leo.

Is iad an grúpa Dlúthpháirtíocht na hÉireann leis an Phalaistín agus eagraíochtaí eile atá ag eagrú na h-agóide.

Deir siad gur mian leo a thaispeáint don Rialtas "go bhfuil tacaíocht láidir ag pobal na hÉireann do shaoirse na Palaistíne" agus gur cheart don Rialtas gníomhú dá réir.

Tá an lucht agóide ag éileamh chomh maith go ndíbreofaí Ambasadóir Iosrael as Éirinn.

Dúirt Mairead McGuinness go dtuigeann Ursula von der Leyen dearcadh na hÉireann "go hiomlán."

'Dearcadh na hÉireann' curtha in iúl do Ursula von der Leyen

Deir an Coimisinéir Eorpach Mairead McGuinness go bhfuil dearcadh na hÉireann maidir le tacaíocht Ursula von der Leyen do stát Iosrael sa chogaíocht curtha in iúl aici don Uachtarán.

Ag comhdáil speisialta Fhine Gael i Má Nuad inniu, dúirt Mairead McGuinness go dtuigeann Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh dearcadh na hÉireann "go hiomlán."

Ach a dúirt sí: "Tuigim an bunús a bhí ag an Uachtarán von der Leyen lena cuid cainte maidir leis an alltacht a léirigh sí faoinár tharla do na daoine óga sin in Iosrael."

"Tá an t-uafás agus an fhearg sin intuigthe, ach níor cheart é sin a chur lámh ar lámh le bás agus srios i nGaza."

Dúirt an Coimisinéir chomh maith "cé gur deacair a leithéid a shamhlú, caithfear dul i mbun plé maidir le síocháin agus le réiteach dhá stát."