skip to main content

"Níl sé ceart feirmeoirí a náiriú mar gheall ar athrú aeráide" - an Taoiseach

"Bíonn feirmeoirí á náiriú ag an bpobal mar gheall ar athrú aeráide", a dúirt an Taoiseach inniu os comhair Chumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann
"Bíonn feirmeoirí á náiriú ag an bpobal mar gheall ar athrú aeráide", a dúirt an Taoiseach inniu os comhair Chumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann

Tá sé ráite ag an Taoiseach, Leo Varadkar, ag comhdháil go bhfuil athrú aeráide ar an mbagairt is mó roimh fheirmeoirí. Ní léir, a dúirt sé, cén bhail a bheas ar an earnáil i gceann fiche bliain, tríocha bliain nó dhá scór bliain mar go bhfuil an aimsir ag éirí níos teo agus níos tirime. Chaithfeadh feirmeoirí a bheith sásta glacadh le hathruithe, a dúirt sé, agus ní iarrfar orthu ach a sciar féin den ualach a iompar.

D'admhaigh an Taoiseach go mbíonn an pobal i gcoitinne an-cháinteach i dtaobh feirmeoirí agus iad ag caint ar athrú aeráide; go dtéann siad thar fóir ag cur lochta ar an earnáil áirithe sin. Caithfear stop a chur leis an náiriú, a dúirt e.

"Tá an aimsir ag éirí níos teo agus níos tirime, agus d'fhéadfadh bail an-difriúil a bheith ar an earnáil
feirmeoireachta i gceann dhá scór bliain dá bharr" - Taoiseach

Thug sé le fios go ndíreoidh an pobal a n-aird ar earnálacha eile, mar iompar, má éiríonn le feirmeoirí a gcuid spriocanna aeráide a bhaint amach go ceann roinnt mhaith blianta as a chéile.

Ag labhairt a bhí an Taoiseach ag cruinniú cinn bhliana Chumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann.