skip to main content

Príosún saoil, atá "tuillte go hiomlán", gearrtha ar Jozef Puska

"Bun agus barr mo shaoil a bhí inti", a dúirt Ryan Casey faoina pháirtí, Ashling Murphy, sa gcúirt inniu
"Bun agus barr mo shaoil a bhí inti", a dúirt Ryan Casey faoina pháirtí, Ashling Murphy, sa gcúirt inniu

Gearradh téarma éigeantach saoil ar an dúnmharfóir, Jozef Puska, sa bPríomhchúirt Choiriúil i mBaile Átha Cliath inniu as dúnmharú Ashling Murphy.

Dúirt an Breitheamh Tony Hunt go raibh an pionós "tuillte go hiomlán" aige. Dá mbeadh cead aige faoin dlí téarma íosta a shocrú, a dúirt sé, mholfadh sé téarma an-fhada.

Ciontaíodh Jozef Puska, atá 33 bliain d'aois agus a raibh seoladh aige sa Mhuclach i gContae Uíbh Fhailí, i ndúnmharú an mhúinteora, 23, ar 9 Samhain.

"Tá (príosún saoil) tuillte go hiomlán agat", a dúirt an Breitheamh Tony Hunt le Jozef Puska

Maraíodh Ashling Murphy ar 12 Eanáir 2022 agus í amuigh i mbun aclaíochta in aice leis an gCanáil Mhór i dTulach Mhór i gContae Uíbh Fhailí.

"Braithim uaim a ceol binn inár dteach", a dúirt máthair Ashling Murphy, Kathleen, i ráiteas a léadh amach sa gcúirt ar a son inniu. Ba dhuine eisceachtúil í Ashling, a dúirt sí, nach raibh riamh ag iarraidh go mbeadh aird a comhluadair ar fad uirthi féin.

Thug Kathleen Murphy le fios gur faoiseamh a bhí ann di nach raibh seantuismitheoirí Ashling fós ina mbeatha nuair a maraíodh í.

Amy Murphy, deirfiúr Ashling, in éindí lena tuismitheoirí os comhair na Príomhchúirte Coiriúla

"Tá mé beo ar éigin ó chaill muid í", a dúirt sí. "Nuair a dúradh liom gur dúnmharaíodh í, bhraith mé ar nós gur stróiceadh mo chroí amach as mo chorp."

Rinne Kathleen Murphy cur síos ar dhinnéar Ashling, fós fágtha san oigheann lá an dúnmharaithe.

Bhí fainic curtha aici, a dúirt sí, ar a hiníon gan dul ag rith in aice leis an gCanáil Mhór. "Ní raibh seans ar bith aici", a dúirt sí. "Ní raibh mé in ann í a chosaint agus anois, tá sí caillte go deo."

Dea-shampla a bhí inti, dar lena deirfiúr Amy, don ghlúin óg. Thug Ashling a cuid ama go fial dóibh chun iad a spreagadh, a dúirt sí.

Thug páirtí Ashling, Ryan Casey, le fios gur bun agus barr a shaoil a bhí inti; dúirt sé nach dtuigfeadh Jozef Puska choíche an grá a bhí eatarthu. "Bím ag smaoineamh ar Ashling gan stad, gach soicind", a dúirt sé.

"Ní phósfaidh mé mo mhuirnín dílis mar gheall ortsa", a dúirt sé agus é ag díriú a chuid cainte ar Jozef Puska.

"Go raibh tú in Ifreann", a dúirt Ryan Casey le Jozef Puska, nuair a chríochnaigh sé a ráiteas.