Tá an tríú cuid de scoileanna dara leibhéal an Stáit faoi phátrúnacht na mBord Oideachais agus Oiliúna agus is iontu a fhaigheann 40% de dhaltaí dara leibhéal an Stáit a gcuid oideachais.
Ag comhdháil bhliantúil Chumann Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha na scoileanna sin i nGaillimh inniu, d'éiligh toscairí go dtabharfadh an Roinn Oideachais aghaidh go práinneach ar an ghanntanas múinteoirí i gceantair áirithe agus in ábhair teagaisc áirithe mar an Mhatamatic, agus in ábhair eolaíochta agus phraiticiúla.
Chualathas nach bhfuil gairm na múinteoireachta tarraingteach níos mó do chéimithe óga agus go bhfuil go leor acu ag dul isteach i bpostanna eile ar féidir leo a gcuid cáilíochtaí a úsáid iontu – macsamhail, earnálacha na heolaíochta, an agraibhia agus na tógála.
D’iarr príomhoidí go gcuirfeadh an Roinn beartais i bhfeidhm le múinteoirí a mhealladh tréna chinntiú go gcuirfí níos mó uaireanta teagaisc ar fáil dóibh.
Moladh go gcuirfeadh an Roinn liúntas cathrach ar fáil an athuair mar a bhíodh fadó. Níos luaithe i mbliana, d’iarr Cumann Múinteoirí Éireann a léithéid le haghaidh múinteoirí bunscoile.
Iarradh chomh maith go dtabharfaí dátaí breise do mhúinteoirí atá ag filleadh ó thar lear le clárú leis an Chomhairle Mhúinteoireachta.
Faoi láthair, níl ach dáta amháin sa bhliain ar féidir le múinteoir clárú le bheith aitheanta le teagasc sa Stát.
Ciallaíonn sin má fhilleann múinteoir ó thar lear i mí Eanáir nach mbeidh cead aige nó aici clárú go dtí mí na Nollag dar gcionn.
Dúradh go bhfuil cuid mhaith scoileanna dara leibhéal ag brath ar mhúinteoirí atá ar scor le teacht ar ais sa seomra ranga, ach gur minic a chuirtear dris chosáin rompu clárú arís leis an Chomhairle Mhúinteoireachta agus an próiseas grinnfhiosrúcháin Gardaí a chríochnú.
Maidir le soláthar oideachais Gaeilge, d’iarr toscairí go n-athródh an Roinn Oideachais a bpolasaí maidir le Gaelcholáistí nua a bhunú.
Tháinig dúbailt ar an líon daltaí a bhí i nGaelcholáistí idir na blianta 2000 agus 2004, ach dúirt toscairí inniu gur bhain sé beagnach 20 bliain – 2004 go 2023 – as an dúbailt sin tarlú arís.
Dúirt siad nach dtiocfaidh rath ar an Ghaeloideachas de bharr nach bhfuil an Roinn ag ceadú Gaelcholáistí nua, rud a fhágann go gcaithfidh páistí a fuair a gcuid bunoideachais i nGaeilge dul isteach i scoileanna Béarla ag an dara leibhéal, de cheal spásanna agus soláthar oideachais Ghaeilge ina gceantar.