Tá sé fógartha ag an iarláithreoir in RTÉ Ryan Tubridy go bhfuil sé le clár beo laethúil a chur i láthair ar Virgin Radio UK i Londain ó thús na hathbhliana.
Craolfar an clár idir 10 a chlog ar maidin agus 1 a chlog san iarnóin ó Luan go hAoine.
Mar chuid den socrú, craolfar an clár go comhuaineach ar stáisiún raidió Q102 i mBaile Átha Cliath.
Ina cheann sin, cuirfidh Ryan Tubridy clár eile i láthair ar an deireadh seachtaine agus craolfar an clár sin ar roinnt stáisiún raidió leis an gcomhlacht Wireless Ireland, mar atá, Q102, 96FM i gCorcaigh, Live 95 i Luimneach agus LMFM i gCo Lú-Co na Mí.
Is le News Corp mhuintir Murdoch Virgin Radio UK agus Wireless Ireland.
D'fhág Ryan Tubridy RTÉ an samhradh seo caite i bhfianaise na conspóide a tarraingíodh faoi íocaíochtaí áirithe a tugadh dó ach nár fógraíodh go poiblí.
Dúradh i dtuarascáil ó iniúchóirí Grant Thornton nach raibh aon bhaint ag an láithreoir leis an maolaisnéis a rinne RTÉ ar an méid a d'íoc an eagraíocht leis idir 2017 agus 2019.
Ó d'fhág Ryan Tubridy RTÉ, tá níos mó daoine ag éisteacht leis an gclár raidió a chuireadh sé i láthair, de réir figiúirí a foilsíodh an tseachtain seo caite.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ