skip to main content

An beathaisnéisí Gaeilge Diarmuid Breathnach tar éis bháis

Diarmuid Breathnach
Diarmuid Breathnach

Tá an beathaisnéisí Gaeilge mór le rá Diarmuid Breathnach tar éis bháis.

Is é féin agus a chomhghleacaí Máire Ní Mhurchú a thionscain an obair mhór bheathaisnéiseach arb é an bunachar beathaisnéisí ainm.ie a toradh.

I gCoill tSíomoin, Co Chill Mhantáin, i 1930 a rugadh Diarmuid Breathnach.

Cuireadh oiliúint air i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath sular ceapadh é ina Leabharlannaí Baile i mBré agus ina dhiaidh sin ina Leabharlannaí Contae i gCill Chainnigh.

D'fhostaigh RTÉ é ina dhiaidh sin le Cartlann Raidió an stáisiúin a bhunú.

Ceapadh é ina phríomhleabharlannaí in RTÉ i 1975 agus d'fhan sé i mbun an chúraim sin go dtí 1987.

A luaithe a d'éirigh sé as RTÉ, bheartaigh sé féin agus Máire Ní Mhurchú tabhairt faoi bheathaisnéisí phearsana móra na Gaeilge a chur i dtoll a chéile ar bhonn lánaimseartha agus ba iad na himleabhair Beathaisnéis 1-9 bláth agus toradh na dúthracha sin a bhfuiltear go mór faoi chomaoin acu dá mbarr.

Iar-Príomh-Stiúrthóir RTÉ Cathal Goan, Máire Ní Mhurchú agus Diarmuid Breathnach inn 2004

Chomh maith leis an obair bheathaisnéiseach, scríobh Diarmuid Breathnach dhá leabhar eile, mar atá, Almanag Éireannach (An Gúm, 1981) agus Almanag Éireannach 2 (An Gúm, 2001).

Foilsíodh ábhar leis freisin in Comhar, Scéala Éireann agus, Feasta.

I 1996, bronnadh Gradam Bhord na Gaeilge air féin agus ar Mháire Ní Mhurchú.

Bhronn Ollscoil na hÉireann, Má Nuad dochtúireachtaí oinigh ar an dís in 2002 agus bronnadh Gradam an Oireachtais orthu in 2008.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTE