Rialaigh Cúirt Uachtarach na Breataine inniu go bhfuil plean Rialtas na Breataine inimircigh a chur go dtí Ruanda neamhdhleathach.
Athdhearbhú atá sa rialú ar ar fhógair Cúirt Achomharc na Breataine i dtús an tsamhraidh.
Rialaigh an Chúirt Achomharc i mí an Mheithimh nach bhféadfaí inimircigh a chur go dtí Ruanda mar nár thír shábháilte í.
Sa Chúirt Uachtarach ar maidin inniu, dúirt an Breitheamh Robert Reed go raibh baol ann go seolfaí ar ais chuig a dtíortha dúchais daoine a chuirfí go dtí Ruanda.
Tá an rialú bunaithe ar an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus ceaptar anois go n-éileoidh roinnt polaiteoirí sa Pháirtí Caomhach ar Rialtas na Breataine tarraingt amach as.
Os a choinne sin, mhaígh Príomh-Aire Rishi Sunak gur ghlac an Chúirt Uachtarach leis an bprionsabal go bhféadfaí inimircigh a chur go dtí tír eile a fhad is gur thír shábháilte í, más fíor gur ghlac.
Bhí iar-Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine Suella Braverman go mór i bhfabhar an pholasaí inimircigh a chur go dtí Ruanda ach bhris Rishi Sunak as a post í arú inné.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ