Thug Rishi Sunak bata agus bóthar dá Rúnaí Gnóthaí Baile Suella Braverman agus chuir fáilte ar ais roimh an iar-Phríomh-Aire David Cameron, agus é anois ina Rúnaí Gnóthaí Eachtracha.
Bhí an beart seo i leith Suella Braveman á iarraidh ar Sunak le roinnt laethanta, ó d'fhoilsigh sí alt conspóideach ag cáineadh na bpóílíní as bheith claonta faoi agóídí áirithe agus gan an t-alt bheith faofa roimhré ag oifig an Phríomh-Aire. Cuireadh ina leith gur eagraíodh an agóid mhór den eite dheis ag an deireadh seachtaine de bharr an ailt úd.
In áit í a bhriseadh glan as oifig, d'fhógair Sunak atheagar ar an rialtas, ag cur James Cleverly ó Ghnóthaí Eachtracha go dtí Gnótaí Baile in áit Braverman, agus David Cameron a chur go Whitehall in áit Cleverly.
Seo hí an dara uair in imeacht 13 mhí a briseadh Braverman as an bpost céanna.
Tá Cameron ag triall ar Whitehall tráth a bhfuil ról idirnáisiúnta na Breataine faoi shúil ghéar an phobail idirnáisiúnta sa Mheán Oirthear agus a tacaíocht d'Iosrael agus sa chogadh san Úcráin.
Tá an caidreamh leis an Aontas Eorpach feabhsaithe le tamall ó d'éirigh le Rishi Sunak Creat Windsor a thabhairt i gcrích, in ainnoin sáinn Stormont i dTuaisceart Éireann .
Má bhí sé deacair ar an bPríomh-Aire smacht a choinneáil ar Braverman mar Rúnaí Rialtais, ní bheidh sí mórán níos éasca air agus súil anois go mbeidh sí ag saighdeadh faoi ó na cúlbhinsí, agus é ag réiteach don olltoghchán níos deireanaí i mbliana.