Tugadh fianaise inniu i gCúirt Chróinéara Dhúiche Bhaile Átha Cliath go raibh doirse Stardust faoi ghlas nuair a chuaigh an club oíche trí thine sa mbliain 1981. Maraíodh 48 duine sa tragóid.
Tá ionchoise maidir le bás na marbh ar siúl faoi láthair, in Ospidéal an Rotunda.
Thug Michael O'Toole, a bhí 20 bliain d’aois ag an am, fianaise go ndúirt fear slándála de chuid Stardust leis go raibh glas fraincín ar na doirse nuair a chuaigh an club trí thine.
Thug Michael O’Toole fianaise go ndúirt an fear slándála - Michael Kavanagh - leis i ndiaidh na heachtra go raibh sé i gceist aige cás dlí a thabhairt: "gheobhaidh mé gach a bhfuil 'aige’. Ní rabhadar in ann éalú. Bhí glas fraincín ar na doirse", a dúirt Michael Kavanagh, dar le Michael O’Toole.
Cuireadh ceist ar Michael O’Toole an raibh barúil aige cén duine a raibh Michael Kavanagh ag tagairt dó nuair a rinne sé an ráiteas sin. D’fhreagair Michael O’Toole gur ar Éamon Butterly, bainisteoir Stardust, a raibh sé ag caint ag an am.
Thug Michael O’Toole fianaise freisin go ndúirt Michael Kavanagh leis go raibh náire air go raibh sé ag obair ansin mar fhear slándála. "Dúradh linn i gcónaí na doirse a chur faoi ghlas", a dúirt Michael Kavanagh le Michael O’Toole, a dúirt se ina chuid fianaise inniu.
Dúirt Michael Kavanagh leis na Gardaí agus leis na meáin i 1981 go raibh na bealaí éalaithe éigeandála ar oscailt nuair a chuaigh an club trí thine. Ach tharraing sé an ráiteas siar ina dhiaidh.
Mí Mheán Fómhair seo caite, thug Michael Kavanagh fianaise go díreach don ionchoise é fhéin. Dúirt sé gur nuair a tharla an tragóid, gur bhraith sé go ndearnadh ceap milleáin dó. Thug sé fianaise gur i ndiaidh dó labhairt lena athair agus a dheirfiúr, go ndeachaigh sé chuig na Gardaí lena ráiteas a athrú.