skip to main content

Ardabhcóide na cúirte is airde san AE ag moladh gur cheart breithiúnas ó chúirt níos ísle i gcás Apple a chur go leataobh

Níl ceangal de réir dlí faoin tuairim atá eisithe inniu.
Níl ceangal de réir dlí faoin tuairim atá eisithe inniu.

Tá Ardabhcóide na cúirte is sinsearaí san Aontas Eorpach tar éis moladh gur cheart do Chúirt Bhreithiúnais an AE an breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta i gcás cánach Apple a chur go leataobh, agus tá sé ag moladh gur chóir an cás a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta sin an athuair le theacht ar bhreithiúnas nua.

Mar thoradh é ar achomharc a lorg an Coimisiún Eorpach ar bhreithiúnas a tháinig 3 bliana ó shin ón gCúirt Ghinearálta nuair a chuir an Chúirt ar ceal an cinneadh a bhí déanta ag an gCoimisiún go raibh gearríocaíocht €13.1 billiún déanta ag Apple ar an gcáin a bhí le n-íoc acu in Éirinn idir 2003 agus 2014.

Ní gá go mbeadh tuairisc ó Ardabhcóide ina cheangal dlí, ach is iondúil go mbíonn tionchar láidir aige ar bhreithiúnas críochnúil na Cúirte Eorpaigh.

Más mar sin a bhíonn is buille tromchúiseach a bheadh ann don seasamh atá déanta ag Éirinn agus ag Apple nár bronnadh fábhar ná cóireáil speisialta ar an ollchuideachta teicneolaíochta agus nár sáraíodh rialacha an Aontais ar chuidiú Stáit.

I ráiteas deir Apple go raibh "an breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an-soiléir, nach bhfuair Apple aon bhuntáiste speisialta ná aon chúnamh Stáit. Creideann muid gur chóir an breithiúnas sin a dhearbhú."

Deir an tAire Airgeadais Michael McGrath gur díol suntais é nach cuid den bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa atá i dtuairim an Ardabhcóide, ach go gcurtar san áireamh é agus an Chúirt i mbun rialú clabhsúir.

"Is mar a chéile fós an seasamh a bhí agus atá againn" a deir an tAire McGrath "gur h-íocadh an cháin chuí agus nár tugadh aon chuidiú Stáit d'Apple."

Ach san tuairim atá tugtha ag an Ardabhcóide Giovanni Pitruzzella deir sé go ndearna an Chúirt Ghinearálta "earráid i ndiaidh earráide sa dlí le theacht ar an mbreithiúnas nach raibh an caighdeán cuí sa dlí bainte amach ag an gCoimisiún nuair a chinn an Coimisiún go gcaithfí cáin a ghearradh in Éirinn ar Apple ar na ceadúnais maoin intleachtúil a bhí ag fochuideachtaí Apple bunaithe in Éirinn agus ar bhrabúis a gineadh ar dhíol tháirgí Apple taobh amuigh de na Stáit Aontaithe."

Dá bharr sin a deir an tArdabhcóide is cóir don Chúirt Ghinearálta an cás a tharraingt anuas arís.

7 mbliana ó shin a léirigh fiosrú de chuid an Choimisiúin go raibh 2 chinneadh cánach déanta faoi Apple ag na Coimisinéirí Ioncaim in Éirinn - i 1991 agus i 2007 - agus gurbh é an toradh a bhí orthu "gur laghdaíodh go suntasach agus in aon turas an cháin a d’íoc Apple in Éirinn ó 1991."

Rialaigh an Coimisiún go raibh €13.1 billiún de ghearríocaíocht i gceist ó 2003 go 2014 agus d’ordaigh siad go n-íocfaí an cháin a bhí dlite chomh maith le luach €1.2 billiún de phionós úis.

Lorg Apple agus lorg Rialtas na hÉireann achomharc i gCúirt Ghinearálta an AE agus héistíodh an cás mí Mheán an Fhómhair 2019.

Mí Iúil dár gcionn chuir an Chúirt Ghinearálta rialú an Choimisiúin ar neamhnaí.

D’fhógair an Coimisiún nach raibh aon ghlacadh acu leis sin agus lorg siad achomharc. Is mar chuide dhe sin atá tuairim an Ardabhcóide eisithe inniu.

In imeacht na mblianta tá sé feicthe go dtéann tuairim an Ardabhcóide i bhfeidhm ar an mbreithiúnas clabhsúir in 80% de chásanna.

Faoi cheann 6 mhí atá súil le breithiúnas críochnúil.

Mar thoradh ar an rialú a rinne an Coimisiún i 2018, chuir Apple €13 billiún i dtaisce i gcuntas eascró - cuntas sealadach sealbhaíochta tríú páirtí - agus tá an t-airgead sin ann ó shin.