Is chun tairbhe mhuintir an Spidéil i gCo. na Gaillimhe atá Plean Nua Gníomhaíochta an cheantair a deir Comhlacht Forbartha an Spidéil agus spriocanna Gaeilge, turasóireachta agus comhshaoil leagtha amach acu as seo go ceann cúig bliana.
I measc na moltaí atá i bplean an Spidéil, tá úsáid agus caighdeán na Gaeilge a mhéadú, chomh maith le háiseanna spóirt, oideachais agus tithíochta a chur ar fáil.
Chuir muintir na háite os cionn 250 moladh do Phlean Gníomhaíochta cúig bliana don Spidéal faoi bhráid Chomhlacht Forbartha an Spidéil - 43 moladh atá anois san áireamh agus todhchaí an Spidéil á phleanáil.
Deir Údarás na Gaeltachta a chuireann maoiniú ar fáil don Chomhlacht Forbartha, go bhfuil tábhacht ar leith leis an Spidéal mar gurb é an "Geata isteach go dtí'n Ghaeltacht" é.
Tá an Ghaeilge ina cuid lárnach, a deir an Comhlacht Forbartha, i ngach atá beartaithe don Spidéal - Ionad Náisiúnta do na hEalaíona Gaelacha in ómós do Mháirtín Ó Cadhain ina measc.

Is sa sean Chlochar in aice Shéipéal Chill Éinne a bhí an t-ionad seo le bheith ach anois ó tharla go bhfuil an Clochar díolta le daoine príobháideacha, caithfear breathnú ar shuíomhanna eile ar an mbaile a bheadh feiliúnach.
Tá spriocanna turasóireachta lárnach sna moltaí freisin, go háirithe an cósta a fhorbairt mar áis don phobal.
Tá soiléiriú á lorg freisin faoin bplean maidir leis na constaicí atá ag cur bac ar thógáil óstáin nua ar an mbaile, óstán a bhfuil cead pleanála faighte aige.
Tá tús curtha le próiseas athbhreithnithe ar an talamh a bhfuil Coláiste Chonnacht lena fhorbairt ionas go mbeifear in ann áiseanna spóirt, ionad pobail agus linn snámha a chur ar fáil.
Tá Plean Glas don Spidéal ar cheann de na spriocanna freisin, chomh maith le máistirphlean fuinnimh ina mbeadh feirm de phainéil gréine le forbairt.
Ó thaobh infrastruchtúir de, táthar ag iarraidh go mbeadh tithíocht ar fáil do chainteoirí Gaeilge an cheantair agus go ndéanfaí athchóiriú ar fhoirgnimh atá ar phríomhshráid an bhaile.